Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 18:3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus a dubhairt Iosua re cloinn Israel, Cá fad atáthaoi tláith do dhul do shealbhughadh na dúithche, noch thug an TIGHEARNA Día bhur naithreadh dhaóibh?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Ansin dúirt Iósua le clann Iosrael: “An fada eile an t‑am a chuirfidh sibh amú agus gan dul isteach agus seilbh a thógáil ar an bhfearann a thug an Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, daoibh?

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 18:3
15 Tagairtí Cros  

An té chumlas lé laimh mhainneachtnuigh thig sé chum bochtuine: achd do ní lámh an dúthrachtaigh sáidhbhir.


Bí mían air anam an chladhaire, agus ní fhaghann aoinní: acht do dhéantar anam an dúthrachtaigh méith.


Atá slighe an duine leisgeamhail mar fhál dosán: acht atá slighe a nionruic déanta go bláith.


Gidh bé ní gheabhas do lámh ré a dhéanamh, déan é red dhithchioll; óir ni bhfuil obair, nó tionnsgnamh, nó éolus, nó eagna, ann sa nuáigh, mar a racha tú.


Annsa ló sin a déarthar re Hierusalem, Ná bíodh eagla ort: agus re Sion, Ná bídís do lámha lag.


Agus ar ndul a mach dhó a dtimcheall an áonmhadh húair déag, fúair sé dream eile na seasamh díomháoineach, agus a deir sé ríu, Créad fá bhfuiltísi bhur seasamh an so feadh an láoi díomháoineach?


Déunaidh sáothar ní ar son an bhídh théid amugha, achd ar son an bhígh mhaireas chum na beatha síorruidhe, bhéuras Mac an duine dhíbh: óir as é so an té do chomharthaigh Día an Tathair.


Bí láidir agus lánchródha: óir roinnfe tú ar an bpobalsa maroighreachd an fearann, do gheall mé dá naithribh do thabhairt dóibh.


Annois do bhí Iosua sean, agus ársuidh, a mblíadhnuibh; agus a dubhairt an TIGHEARNA ris, Atá tusa foirfe agus ársuidh a mbliaghnuibh, agus atá fós romhóran talmhan re sealbhughadh.


¶ Agus do bhádar a measc chloinne Israel seachd ttreabha, nach bhfuáir a noighreachd.


Tugaidh amach eadruibh tríur fear as gach aoin treibh: agus cuirfe misi uáim íad, agus éireochuid síad, agus rachaid thríd an tír, agus tarruingheochuid í do réir a noighreachda; agus tiocfaid a rís chugamsa.


Agus a dubhradarsan, Eirgidhe, go ndeachmaóis súas na naghaidh: óir do chonncamar a ndúithche, agus, féuch, is ro mhaith í: agus an bhfuiltíse bhur ttamh? ná bíodh leisg oruibh imtheachd, agus dui a steach do shealbhughadh na dúithche.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí