Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 18:12 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus do bhí a ttéora don taóibh thuáigh ó Iordan; agus do chuáidh an téora súas go taóibh Iericho don taoíbh thuáigh, agus do chuáidh súas thríd na sléibhtibh don táoibh shíar; agus do bhí a dula amach sin ag fásach Bhet‐abhen.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Ar an taobh thuaidh, thosaigh a dteorainn ag an Iordáin, ghabh suas gualainn thuaidh Ireachó, siar in airde trí na hardáin agus stad ag fásach Bhéit Ávan.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 18:12
11 Tagairtí Cros  

Eaglochuidh lucht áitreabha Shamária, do bhrigh láogh Bhet‐abhen: óir caóidhfid a daoine ós a cionn, agus a sagairt do gháirdigh ría, do bhrígh a glóire, do chionn gur imthigh uáithe.


¶ Má atá go ndéana tusa, a Israel, stríopachus, thairis sin ná ciontuigheadh Iúdah; agus ná tígidhse go Gilgal, narab mó rachtaói súas go Bet‐abhen, agus ná mionnuighidh, Mairidh an TIGHEARNA.


Séidighse an bhúabhall ann Gibeah, agus an stoc ann Rámah: comhaircidhe ós áird a Mbet‐abhen: ad dhiaighsi, a Bheniamin.


Agus do thuit crannchar chloinne Ióseph ó Iordan láimh ré Iéricho, go huisge Iericho táobh shoir, gus an bhfásach théid suas ó Iericho ar feadh shléibhe Bétel,


¶ Agus thug sé amach crannchair threibhe chloinne Beniamin do réir a muinntear: agus táinic cósta a ccranchar amach idír chloinn Iúdah agus chloinn Ióseph.


Agus do chuir Iosua mac Nun días fear amach as Sitim do bhrath go secreideach, gá rádh, Eirghidhe measuidh an dúithche, eadhon Iericho. Agus do imthigheadar, agus tangadar go tigh meirdrigh, dar bhainm Rahab, agus do fhosadar ann sin.


Gur sheasadar na huisgidhe tháinic a núas ó náit shúas agus gur éirigh súas na chárn go ro fhada ón chathruigh Adam, atá ré táobh Sarétan: ach gur fhailligheadar íad sin tháinic a núas leath ré fairge an réitigh, a nfairge shaillte, agus gur gearradh amach íad: agus go ndeachadar an pobal a nonn go díreach as coinne Iericho.


Annois do híaghadh Iericho súas go daingion air eagla chloinne Israel: ní rachadh éanduine amach, agus ní thiagh éanduine a steach.


¶ Agus do chuir Iosua daóine ó Iericho go Hai, noch atá ré táobh Bhet‐abhen, táobh shoir do Bhetel, agus do labhair riú, dhá rádh, Eirgidhe súas agus braithidh an tír. Agus do chúadar na daóine súas agus do bhrathadar Ai.


Agus do léig Iosua agus Israel orra féin mar do bheidís búailte rompa, agus do theitheadar a slighe an nfásaigh.


¶ Agus do chruinnigheadar na Philistinigh íad féin a gcionn a chéile do throid a naghaidh Israel, tríochad míle carbad, agus sé mhíle marcach, agus dáoine mar an gaineamh noch bhíos ar thráigh na fairge air iomadamhlachd: agus tangadar súas, agus do shuidheadar a Michmas, soir ó Bhetabhen.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí