Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 18:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Ar an taobh thuaidh, thosaigh a dteorainn ag an Iordáin, ghabh suas gualainn thuaidh Ireachó, siar in airde trí na hardáin agus stad ag fásach Bhéit Ávan.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus do bhí a ttéora don taóibh thuáigh ó Iordan; agus do chuáidh an téora súas go taóibh Iericho don taoíbh thuáigh, agus do chuáidh súas thríd na sléibhtibh don táoibh shíar; agus do bhí a dula amach sin ag fásach Bhet‐abhen.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 18:12
11 Tagairtí Cros  

Tá eagla a n‑anama ar mhuintir na Samáire mar gheall ar lao Bhéit Ávan. Gan amhras beidh a phobal ag mairgneach faoi, agus a chuid sagart ag rince ina thimpeall, mar go bhfuil a ghlóir imithe uaidh.


Ach seachainse an mbeifeá féin ciontach, a Iosrael! Ná himígí go dtí Gilgeál, ná gabhaigí suas chun Béit Ávan, ná mionnaigí dar an Tiarna beo.


Séidigí an stoc i nGibeá, an buabhall i Rámá! Tógaigí gártha rabhaidh i mBéit Ávan. Músclaígí Biniáimin!


An chuid oidhreachta a fuair clann Iósaef ar cranna ghabh sí soir ón Iordáin, os comhair Ireachó sall; ghabh an teorainn ar aghaidh ó Ireachó, agus an t‑ardchlár suas go fásach Bhéitéil,


Thit a roinn féin le treibh Bhiniáimin de réir finí, agus tharla gur idir treibh Iúdá agus treibh Iósaef a bhí an roinn talún a thit leo.


Sheol Iósua mac Nún beirt fhear faoi choim ó Shitim mar spiairí á rá leo: “Ar aghaidh libh, breathnaígí an dúiche, go háirithe Ireachó.” Ar aghaidh leo agus chuadar isteach i dteach striapaí darbh ainm Rácháb, agus chuireadar fúthu ann.


stad na huiscí uachtair go léir agus rinne meall mór díobh thar réimse mhór ó Adám, cathair atá lámh le Záratán; agus iad siúd a shníonn síos i dtreo Mhuir an Arabá, Muir an tSalainn sé sin, scaradh ar fad óna bhfoinsí iad. Ghabh an pobal thar abhainn os comhair Ireachó.


Bhí Ireachó daingnithe le barr cúraim in aghaidh chlann Iosrael; níor ghabh aon duine amach, níor ghabh aon duine isteach.


Sheol Iósua buíon fear ó Ireachó go Háí (atá láimh le Béit Ávan) lastoir de Bhéitéil; dúirt sé leo: “Téigí suas agus déanaigí an tír a bhrath.” Ghabh na fir suas agus rinneadar Háí a bhrath.


Lig Iósua agus clann Iosrael go léir orthu go rabhthas á gcloí acu agus theitheadar i dtreo an fhásaigh.


Thionóil na Filistínigh tríocha míle carbad, sé mhíle marcach, agus slua chomh líonmhar le gaineamh na trá chun troda in aghaidh Iosrael. Thángadar aníos agus shuíodar a gcampa i Micmeáis lastoir de Bhéit Ávan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí