2 Samúéil 2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil II. Do ungadh Daibhí na rígh ós cionn Iúdah. 8 Agus dearnadh rí do Isboset ar Israel. 1 Agus tárla na dhiáigh so, gur fhiafruigh Dáibhi don TIGHEARNA, gha rádh, An racha mé súas go haon do chaithreachaibh Iúdah? Agus a dubhairt an TIGHEARNA ris, Eirigh súas. Agus a dubhairt Dáibhi, Cait suas a racha me? Agus a dubhairt seision, Go Hébron. 2 Marsin do chuáidh Dáibhí súas annsin, agus fós a dhías ban, Ahinoam an Tiesreeliteach, agus Abigail bean Nábal an Carmelíteach. 3 Agus rug Dáibhi leis súas a mhuinntir do bhí na fhochair, gach uile dhuine guna theaghlach: agus do chomhnuigheadar a ccaithreachaibh Hébron. 4 Agus tangadar muínntir Iúdah, agus do ungadar Dáibhi ann sin na rígh ós cionn thighe Iúdah. Agus dinnisiodar do Dháibhi, gha rádh, Dob íad muinntir Iabesgílead do adhluic Saul. 5 ¶ Agus do chuir Dáibhi teachda go muinntir Iabes‐gílead, agus a dubhairt sé ríu, Go madh beannuigh sibh ón TTIGHEARNA, noch do thaisbéin an cinéulsa dá bhur ttighearna, do Shaul, agus do adhlaic é. 6 Agus a nois go ttaisbéanuigh an TIGHEARNA dhaóibhse cinéul agus fírinne: agus cúiteochuidh misi fós an cinéulsa ribh, do bhrígh go ndéarnabhair an níse. 7 Ar a nadhbharsin anois bidís bhur lámhasa ar na neartughadh, agus bíthí curata: óir fúair Saul bhur maighistir bás, agus mar an gcéadna do ungadar tigh Iúdah misi am rígh ós a gcionn. 8 ¶ Ach do ghlac Abner mhac Ner, caiptín slóigh Shauil, Isboset mhac Shauil, agus thug leis a nall go Mahanaim é; 9 Agus do rinne sé rígh ós cionn Ghílead dhe, agus ós cionn na Nasúríteach, agus ós cionn Iesreel, agus ós cionn Ephraim, agus ós cionn Israel uile. 10 Do bhí Isboset mhac Sauil ceathrachad blíadhan daóis a núair do thionsguin sé righe ós cionn Israel, agus do bhí na rígh dhá bhlíadhuin. Achd do lean tigh Iúdah Dáibhi. 11 Agus ba hé uibhir na láetheadh do bhí Dáibhi na rígh ann Hébron ós cionn thíghe Iúdah seachd mblíadhna agus sé mhí. 12 ¶ Agus do chuáidh Abner mhac Ner, agus searbhfhoghantuighidh Isbóset mhic Sauil, amach ó Mhahanaim go Gibeon. 13 Agus do chúaidh Ióab mhac Seruiah, agus searbhfhoghantuighidh Dháibhi amach, agus tárla dhá cheile íad ag lochan Ghibeon: agus do shuigheadar síos, drong aca a ttáobh don lochán, agus drong don taóibh oile don lochán. 14 Agus a dubhairt Abner re Ióab, Eirghidís na hógánuigh anois, agus déindís súgradh as ar ccoine. Agus a dubhairt Ióab, Eirghidís. 15 Annsin do éirigh, agus do chuaidh a nonn a nuibhir dhá fhear dhéag do Bheniamin, noch do ghabh le Isbóset mhac Sauil, agus dá fhear dhéag do shearbhfhoghantaibh Dháibhi. 16 Agus do ghlac gach áon díobh a chompanách ar cheann, agus do shaith a chloidheamh a ttáobh a chompánuigh; ionnus gur chomhthuitim dóibh: uimesin do goireadh don náitsin Helcat‐hassurim, noch atá a Ngibeon. 17 Agus do bhí cath ro dhoilghe an lá sin ann; agus do buáileadh Abner, agus muinntir Israel, as coinne sherbhiseach Dháibhi. 18 ¶ Agus do bhádar trí mic Sheruiah annsin, Ióab, agus Abisai, agus Asahel: agus do bhí Asahel comhlúath dhá chois lé eilít an mhacaire. 19 Agus do lean Asahel a ndiáigh Abner; agus ag imtheachd dhó níor chas sé ar a láimh dheis nó chlé ó thóruigheachd Abner. 20 Annsin dféach Abner na dhiáigh, agus a dubhairt, An tú Asahel? Agus do fhreagair seision, Is mé. 21 Agus a dubhairt Abner ris, Fill do leath taóibh ar do láimh dheis no chlé, agus glac duine do na hóganachaibh, agus glac a éadail chugad. Acht níor bháill le Asahel filliodh ó na leanmhuin sion. 22 Agus a dubhairt Abner a rís re Asahel, Fill ó bheith dom leanmhuin: cred fá mbuailfinnsi thú go talumh? cionnus annsin do thaisbeanfuin maghuidh do Ióab do dhearbhrathair? 23 Gidheadh do dhíult seision filleadh do leathtaoibh: uimesin do bhuáil Abner é do cheann gatha fáoi an ccúigeadh easna, iondus go ttáinic an gath amach air a chúl; agus do thuit sé ann sin, agus déug sé san náit chéadna: agus tárla, an mhéid tháinic go nuige a náit ar thuit Asahel síos agus a bhfúair sé bás gur fhanadar na seasamh. 24 Do lean Ióab mar an gcéadna agus Abisai a ndiáigh Abner: agus do chuáidh an ghrían faói a nuáir thangadar go cnoc Ammah, noch atá a radharc Ghía ar slighe fhásaigh Ghibeon. 25 ¶ Agus do chruinnigheadar clann Bheniamin íad féin a gcionn a chéile a ndiáigh Abner, agus tangadar a néanchuideachda amháin, agus do shéasadar ar mhullach cnoic. 26 Annsin do ghoir Abner ar Ióab, agus a dubhairt, An mbía an cloidheamh ag marbhadh choidhche? nach bhfuil a fhios agad go mbiáidh sin na shearbhas fá dheireadh? uime sin ga fad a bhías, suil déaras tú ris na dáoinibh filleadh ó leanmhuin a ndearbhráithreach? 27 Agus a dubhairt Ióab, Mar mhairios Día, muna bheith gur labhair tú, go deimhin is air maidin do rachaidh an pobal súas gach éanduine ó leanmhuín a dhearbhrathar. 28 Iarsin do shéid Ióab a stoc, agus do sheasadar an pobal uile na gcomhnuigh, agus níor leanadar nios mó a ndiáigh Israel, agus níor throideadar níos mó. 29 Agus do bhí Abner agus a mhuinntir ag siubhal ar feadh na hoidhche sin thríd an réiteach, agus do chúadar tar Iordan, agus dimthigheadar tré Bhitron uile, agus tangadar go Mahanaim. 30 Agus dfill Ióab ó thóruigheachd Abner: agus a nuáir do chruinnigh sé an pobal uile a gciónn a chéile, do theasduigh náoi bhfir dhéug, agus Asahel do mhuinntir Dháibhi. 31 Ach do bhúaileadar searbhfhoghantuighidh Dháibhi do Bheniamin, agus do mhuinntir Abner, iondus gur éagadar trí cheád agus trí fithchid dhíobh. 32 ¶ Agus do thógbhadar leó Asahel, agus do adhlaiceadar é a ttúama a athar noch do bhí a Mbet‐lehem. Agus dimthigh Ióab agus a mhuinntir ar feadh na hoidhche, agus tangadar go Hébron ag éirghe laé. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society