Iósua 21 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil XXI. Caithreacha 48 ag na Lebhitibh. 43 Tug Día an dúithche agus Suaimhneas do réir a gheallambna. 1 Ann sin tangadar cinn aithreadh na Lebhíteach a lathair go Heléasar an sagart, agus go Iosua mhac Nun, agus go ceannuibh aithreadh threibhe chloinne Israel; 2 Agus do labhradar ríu a Síloh a ttír Chánaain, gha rádh, Do aithin an TIGHEARNA le láimh Mhaóise caithreacha do thabhairt dúinne do chomhnuighe ionta, maille re na mionbhailtibh sin dár náirnéis. 3 Agus tugadar clann Israel do na Lebhítibh as a noighreachd féin, ar aithne an TIGHEARNA, na caithreachaso agus na bailte do bhean ríu. 4 Agus taínic an chrannchar amach ar mhuinntearuibh na Gcohatíteach: agus fúaradar clann Aaron an sagart, noch do bhí do na Lebhítibh, le crannchar ó threibh Iúdah, agus ó threibh Símeon, agus o threibh Beniamin, trí caithreacha doag. 5 Agus fúaradar an chuid oile do chloinn Chohat le crannchar ó mhuintearuibh threibhe chloinne Ephraim, agus ó threibh Dan, agus ó leiththreibh Mhanasseh, deich gcaithreacha. 6 Agus fúaradar clann Gherson le crannchar ó muinntearuibh threibhe Issachar, agus ó threibh Aser, agus ó threibh Naphtali, agus ó leiththreibh Mhanasseh ann Basan, trí caithreacha déug. 7 Fuaradar clann Mherári gun a muinntearuibh ó threibh Réuben, agus ó threibh Gad, agus ó threibh Sebulun, dhá chathruigh dhéug. 8 Agus tugadar clann Israel le crannchar do na Lebhítibh na caithreachaso gun a mionbhailtibh, mar do aithin an TIGHEARNA le láimh Mhaóise. 9 ¶ Agus tugadar ó threibh chloínne Iúdah, agus ó threibh chloinne Símeon na caithreachasa tar a ttigthear annso ainmnighthe. 10 Noch fúaradar clann Aáron, do nahuintir na Gcohatiteach, noch do bhí do chloinn Lébhi: (oir fá léosan an céadchrannchar.) 11 Agus tugadar dhóibh cathair Arbah athair Anac, (noch ar bí an chathair sin Hébron), a slíabh Iúdah, gun a bailtibh na timchioll fa gcuáirt. 12 Agus tugadar machairidh na caithreach, agus a bailte do Cháleb mhac Iephunneh mar sheilbh dhósan. 13 Marsin tugadar do chloinn Aaron an sagart Hébron gun a bailtibh; do bheith na cathair dhídin ag an marbhthóir; agus Libnah gun a bailtibh, 14 Agus Iatir gun a bailtibh, agus Estemoa gun a bailtibh, 15 Agus Holon gun a cuimínibh, Débir gun a cuimínibh, 16 Agus Ain gun a cuimínibh, agus Iutah gun a cuimínibh, agus Betsemes gun a cuimínibh; naoi gcaithreacha ón dá threibhsin. 17 Agus as treibh Bheniamin, Gíbeon gun a bailtibh, Geba gun a bailtibh, 18 Anatot gun a cuimínibh, agus Almon gun a cuimínibh; ceithre caithreacha. 19 Uile chaithreacha chloinne Aáron an sagart, do budh trí caithreacha déag gun a mionbhailtibh íad. 20 ¶ Agus muinnteara chloinne Cohat, na Lebhítigh noch do mháir do chloinn Chohat, fuaradarsan caithreacha a ccrannchar as treibh Ephraim. 21 Oir thugadar Sechem dóibh gun a cuimínibh a slíabh Ephraim, do bheith na cathruigh dídin ag an marbhthóir; agus Géser gun a cuimínibh, 22 Agus Cibsaim gun a bailtibh, agus Betóron gun a cuimínibh; ceithre caithreacha. 23 Agus ó threibh Dan, Elteceh gun a cuimínibh, Gibeton gun a cuimínibh, 24 Aialon gun a cuimínibh, Gatrimmon gun a cuimínibh; ceithre caithreacha. 25 Agus ó leiththreibh Mhanasseh, Tánach gun a cuiminibh, agus Gat‐rimmon gun a ccuiminibh; dha chathruigh 26 Na caithreacha uile do bhádar a déich gun a ccuimínibh do mhuintearuibh chloinne Cohat noch do mhair. 27 ¶ Agus do chloinn Gerson, do mhuinntearuibh na Lebhíteach, on leiththreibh oile do Mhanasseh tugadar Gólan a Mbásan maille re na cuimínibh, mar chathair dídin ag an marbhthóir; agus Beesterah gun a cuimínibh; dhá chathruigh. 28 Agus ó threibh Issachar, Císon gun a cuimínibh, Dabereh gun a cuimínibh, 29 Iarmut gun a cuimínibh, Engannin gun a cuimínibh; ceithre caithreacha. 30 Agus ó threibh Aser, Misal gun a cuimínibh, Adon gun a cuimínibh, 31 Helcah gun a cuimínibh, agus Rehob gun á cuimínibh; ceithre caithreacha. 32 Agus ó threibh Naphtali, Cedes ansa Ghalilé gun a cuimínibh, do bheith na cathruigh dhídin don marbhthoír; agus Hammot‐dor gun a cuimínibh, agus Cartán gun a cuimínibh; trí chaithreacha. 33 Uile chaithreacha na Ngersoníteach do réir a muinntear do bhadar trí caithreacha déag gun a gcuimínibh. 34 ¶ Agus do mhuinntearuibh chloinne Mherári, an chuid oile do na Lebhítibh, ó threibh Shebulun, Iocneam gun a cuimínibh, agus Carta gun a cuimínibh, 35 Dimnah gun a cuimínibh, Nahalal gun a cuimínibh; ceithre caithreacha. 36 Agus ó threibh Reuben, Béser gun a cuimínibh, agus Iahasah gun a cuimínibh, 37 Cedemot gun a cuimínibh, agus Mephaat gun a cuimínibh; ceithre caithreacha. 38 Agus ó threibh Ghad, Ramot ann Gilead gun a cuimínibh, do bheith na cathruigh dhídin ag an marbhthóir; agus Mahanaim gun a cuimínibh, 39 Hesbon gun a cuimínibh, Iaser gun a cuimínibh; ceithre caithreacha san niomlán. 40 Mar sin do bhádar caithreacha chloinne Mherári uile gun a muinntearuibh, noch do fágbhadh do mhuinntearuibh na Lebhíteach, re na gcrannchair dhá chathruigh dhéag. 41 Uile chaithreacha na Lébhíteach a stigh a seilbh chloinne Israel dob ochd gcaithreacha agus dá fhithchiod íad maille re na gcuimínibh. 42 Do bhí gach éanchathair dhíobh so gun a gcuimínibh na timchioll fa ccuáirt: mar so do bhádar na caithreachaso uile. 43 ¶ Agus thug an TIGHEARNA do Israel an dúithche uile noch do mhionnuigh sé do thabhairt dá naithribh; agus do shealbhuigheadar í, agus do aitreabhadar inte. 44 Agus thug an TIGHEARNA suáimhneas dóibh timchioll fa gcuáirt, do réir gach uile neithe dár mhionnuigh sé dá naithribh: agus níor sheas duine dá námhuid rompa: do sheachuid an TIGHEARNA a naimhde uile ann a láimh. 45 Níor theasduigh éinní maith ar bith dar labhair an TIGHEARNA re tigh Israel; tháinig se uile a gcrích. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society