Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 21:27 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 ¶ Agus do chloinn Gerson, do mhuinntearuibh na Lebhíteach, on leiththreibh oile do Mhanasseh tugadar Gólan a Mbásan maille re na cuimínibh, mar chathair dídin ag an marbhthóir; agus Beesterah gun a cuimínibh; dhá chathruigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

27 Tugadh do shliocht Ghéirseon, d'fhiní Léivíteach, de leath-threibh Mhanaise, an chathair thearmainn don mharfóir Golán i mBáiseán, lena thalamh féaraigh, agus Aisteárót lena thalamh féaraigh - dhá chathair.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 21:27
8 Tagairtí Cros  

Mhic Mahli, mhic mussi, mhic Merári, mhic Lébhi.


Do mhacaibh Gersom tugadh as muinntir leiththreibhe Mhanasseh, Gólan ann Básan gun a bailtibh, agus Astarot gun a bailtibh:


Tar éis Sihon righ na Namoríteach do mharbhadh dho, noch do áitreibh ann Hesbon, agus Og rígh Básan, noch do áitreibh ann Astarot ann Edréi:


Eadhon, Béser annsa bhfásach, a ttír réigh, na Reubeniteach; agus Rámot ann Gílead, na Ngadíteach; agus Golan ann Basán na Mannassíteach.


Agus ar an ttaóibh oile do Iordan láimh ré Iericho táobh shoir, do orduigheadar Béser an sa bhfásach ar an réiteach amach as treibh Reuben, agus Ramot ann Ngílead as treibh Ghad, agus Golon a Mbasan as treibh Mhanasseh.


Na caithreacha uile do bhádar a déich gun a ccuimínibh do mhuintearuibh chloinne Cohat noch do mhair.


Agus ó threibh Issachar, Císon gun a cuimínibh, Dabereh gun a cuimínibh,


Agus fúaradar clann Gherson le crannchar ó muinntearuibh threibhe Issachar, agus ó threibh Aser, agus ó threibh Naphtali, agus ó leiththreibh Mhanasseh ann Basan, trí caithreacha déug.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí