Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Salm 81:1 - An Bíobla Naofa 1981

Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Cantaoirí Fíona”. Le hÁsáf.

Féach an chaibidil

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

Canaimis go meidhreach do Dhia, ár gcumhacht: tógaigí gáir lúcháire roimh Dia Iácóib.

Féach an chaibidil

Psalma Dhaibhí 1836

Luathgháirigh chum Dé, fos bhúr neart, Do Dhia Iácob ro bhinn;

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Luathghairigh chum Dé ar neart: déanaidh fuáim mheanmnach chum Dé Iácob.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Cantaoirí Fíona”. Le hÁsáf.

Féach an chaibidil



Salm 81:1
16 Tagairtí Cros  

‘Abraigí le Iósaef: Maith a gcoir agus a bpeaca do do dheartháireacha, impím ort, mar go ndearnadar éagóir ort.’ Agus anois achainímidne ort a gcoir a mhaitheamh do shearbhóntaí Dhia d'athar.” Bhris a ghol ar Iósaef nuair a labhair siad leis.


Ba é a ndualgas cúram a dhéanamh den chantaireacht os comhair taibearnacal Bhoth na Teagmhála nó gur thóg Solamh Teampall an Tiarna in Iarúsailéim; de réir na rialacha a ceapadh dóibh is ea a rinne siad a gcúram.


Is é an Tiarna mo neart agus mo sciath: tá dóchas mo chroí ann. Tugadh cabhair dom; gairdíonn mo chroí agus canaim amhrán dó.


“Éistigí! bíodh a fhios agaibh gur mise is Dia ann, in ardréim ar na ciníocha, in ardréim ar talamh.”


Salm Ásáf. 1 Labhair an Tiarna - is é Dia na ndéithe é - agus ghair sé chuige an chruinne.


Uime sin déanfaidh Dia do scriosadh agus do mhilleadh go deo. Sracfaidh sé as do bhoth amach thú agus bainfidh sé amach ó fhréamh thú as talamh na mbeo.


Don stiúrthóir. Amhrán. Salm. 1 Gairdigí i láthair Dé, a thíortha uile,


Go mola na ciníocha thú, a Dhia; go mola na ciníocha go léir thú.


Do stiúrthóir an chóir. Ar an “gittith”. Salm Dháiví.


Óir seo mar a deir an Tiarna: Scairtigí le lúcháir ar son Iacóib! Tógaigí gártha do cheann na náisiún! Fógraígí! Molaigí! Gáirigí: ‘Shábháil an Tiarna a phobal, fuíoll Iosrael!’


‘Is mise Dia Abrahám agus Dia Íosác agus Dia Iacóib’? Ní hé Dia na marbh é ach Dia na mbeo.”


Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.