Salm 67 - An Bíobla Naofa 1981Buíochas le Dia as ucht an Fhómhair 1 Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Salm. Amhrán. 2 Bí trócaireach linn, a Thiarna, agus beannaigh sinn; taispeáin dúinn solas do ghnúise. 3 Chun go n‑aithneofaí do shlí ar talamh agus do shlánú i measc na náisiún go léir. 4 Go mola na ciníocha thú, a Dhia; go mola na ciníocha go léir thú. 5 Go ndéana na náisiúin lúcháir agus gairdeas toisc go rialaíonn tú an domhan le fíréantacht, [Rialaíonn tú na ciníocha le cothromas]; treoraíonn tú na náisiúin ar talamh. Selah 6 Go mola na ciníocha thú, a Dhia; go mola na ciníocha go léir thú. 7 Thug an talamh a thoradh uaidh go flúirseach; agus chuir Dia, ár nDia, a bheannacht orainn. 8 Go mbeannaí ár nDia i gcónaí sinn agus gurab eagal le críocha na cruinne é! |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart