Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Salm 67:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Chun go n‑aithneofaí do shlí ar talamh agus do shlánú i measc na náisiún go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

3 Moladh na ciníocha thú, a Dhia: ná raibh duine nach mbeidh do do mholadh.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

3 Moladh gach pobal thusa a Dhé, Moladh gach pobal thu;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Molaidís na poibleacha thú, a Dhé; molaidís na poibleacha uile thú.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Chun go n‑aithneofaí do shlí ar talamh agus do shlánú i measc na náisiún go léir.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 67:3
8 Tagairtí Cros  

Go maire m'anam agus go mola sé thú; agus go gcabhraí do reachtanna liom.


Éist, dá bhrí sin, le mo ghlao; óir tá mé i gcorrach na haimiléise. Fuascail mé ó lucht mo ghéarleanúna, óir is treise iad siúd ná mé.


In ionad do shinsear beidh clann mhac de do chuid féin agat; ceapfaidh tú ina bhflatha iad ar fud chríocha na cruinne.


Go ndéana na náisiúin lúcháir agus gairdeas toisc go rialaíonn tú an domhan le fíréantacht, [Rialaíonn tú na ciníocha le cothromas]; treoraíonn tú na náisiúin ar talamh. Selah


Ná lig don té faoi leatrom filleadh faoi náire; go raibh an dealbh agus an daibhir ag tabhairt moladh do d'ainm.


“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin, chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais. Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”


Seasfaidh sé go daingean agus beathóidh sé a thréad trí chumhacht an Tiarna agus le mórgacht ainm an Tiarna, a Dhia. Mairfidh siad go slán sábháilte mar leathnóidh a chumhacht amach ansin go críocha na cruinne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí