Salm 81 - An Bíobla Naofa 1981Féile an Fhómhair agus na hAthbhliana 1 Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Na Cantaoirí Fíona”. Le hÁsáf. 2 Canaimis go meidhreach do Dhia ár neart; tógaigí gártha gliondair do Dhia Iacóib. 3 Cromaigí ar an gceol agus buailigí an tiompán, an bhinnchruit chaoin agus an chláirseach. 4 Séidigí an stoc le linn na gealaí úire, nuair is lán don ghealach, lá na féile. 5 Óir is bunreacht in Iosrael é; is reacht é de reachtanna Dia Iacóib 6 a d'achtaigh an dlí seo do Iósaef nuair a ghabh sé amach in aghaidh na hÉigipte. 7 Teanga nárbh aithnid dom a chuala mé: “Thug mé faoiseamh dá ghualainn ón ualach agus fuasclaíodh a lámha ón gcliabh. 8 Ghlaoigh tú orm in am an bhuairimh agus shaor mé thú; thug mé freagra ort as néal na doininne; rinne mé do thástáil ag uiscí Mhiríbeá. Selah 9 Éistigí, a phobal liom, tabharfaidh mé comhairle daoibh; monuar nach n‑éisteann tú liom, a Iosrael! 10 Ná bíodh aon dia deoranta in bhur measc; ná déanaigí dia eachtrannach a adhradh. 11 Mise an Tiarna, bhur nDia, a sheol sibh as tír na hÉigipte; oscail do bhéal go fairsing agus líonfaidh mé é. 12 Ach ní éistfeadh mo phobal le mo ghlór; níorbh áil le hIosrael bheith umhal dom. 13 Thug mé suas iad do mhianta a gcroí; chun cibé ní ab áil leo a dhéanamh. 14 Dá mb'áil le mo phobal éisteacht liom; dá siúlfadh Iosrael i mo shlite, 15 chuirfinn a naimhde faoi chois gan mhoill; agus dhéanfainn a n‑eascairde a threascairt. 16 Bheadh lucht fuatha an Tiarna ag lútáil leis; ach bheidís faoi bhroid go brách. 17 Bheathóinn [Iosrael] le scoth na cruithneachta; agus líonfainn é le mil as an gcarraig.” |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart