Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Salm 81:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Mise an Tiarna, bhur nDia, a sheol sibh as tír na hÉigipte; oscail do bhéal go fairsing agus líonfaidh mé é.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

11 Is mé do Thiarna Dia, a thug amach as tír na hÉi gipte tú: foscail do bhéal go fairsing, agus is mé a líonfas é.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

11 Gidheadh ni thug mo phobal féin, Éisdeacht do ghuth mo bhéil; ’S níor úmhlaigh dham an‐mhuintir úd, Do ghineadh ó Isráel.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Acht níor éisdeadar mo dhaóine rem ghuth; agus níor umhluigh Israel damh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Mise an Tiarna, bhur nDia, a sheol sibh as tír na hÉigipte; oscail do bhéal go fairsing agus líonfaidh mé é.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 81:11
16 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt sé léi: “Téigh amach agus faigh iasacht crúscaí ó do chomharsana, crúscaí folmha, agus go leor díobh.


Dúirt Maois agus Árón dá bhrí sin le pobal Iosrael go léir: “Tráthnóna an lae seo, beidh a fhios agaibh gurbh é an Tiarna a thug amach sibh ó thír na hÉigipte,


“Mise an Tiarna do Dhia a thug thú amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse.


Nuair a chonaic an pobal go raibh moill mhór ar Mhaois ag teacht anuas on sliabh, chruinníodar timpeall ar Árón agus dúradar leis: “Corraigh, déan dia dúinn le gabháil romhainn; Maois seo againn, an fear a thug sinn amach as tír na hÉigipte, ní eol dúinn cad a d'imigh air.”


Abair dá bhrí sin le clann Iosrael: ‘Mise an Tiarna. Déanfaidh mé sibh a fhuascailt ó na hualaí a leagann na hÉigiptigh oraibh agus saorfaidh mé sibh ó dhaoirse fúthu; agus fuasclóidh mé sibh le láimh ar tinneall agus le hollbhearta breithiúnais.


Ní ghlacfaidís le comhairle uaim, agus bhí drochmheas acu ar gach rabhadh uaim.


“Féach, mar sin, go bhfuil na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - nach ndéarfaidh daoine níos mó: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!’


Ach dhiúltaigh siad éisteacht liom agus d'iompaigh siad gualainn stailceach chugam agus thug siad cluas bhodhar dom ar eagla go gcloisfidís.


Agus ar theacht dó, faigheann sé scuabtha, maisithe é.


[Chaith Iacób bia agus bhí a sháith aige;] Thit Isiriún chun feola agus thug speach. (Thit tú chun feola, chun méithris agus chun gaoithe.) Thréig sé an Dia a rinne é, mhaslaigh sé Carraig a shlánaithe.


(Níor chuimhin leat an Charraig a ghin thú, agus rinne tú dearmad den Dia a ba athair agat.)


‘Mise an Tiarna do Dhia a thug amach as tír na hÉigipte thú agus as teach na daoirse.


Más ea, nach dóigh libh gur measa go mór ná sin an pionós a chuirfear ar an duine a shatail ar Mhac Dé agus a chaith drochmheas ar fhuil an conartha ar naomhaíodh é léi agus a thug masla do Spiorad an ghrásta?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí