Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Salm 81:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Teanga nárbh aithnid dom a chuala mé: “Thug mé faoiseamh dá ghualainn ón ualach agus fuasclaíodh a lámha ón gcliabh.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

7 Ghlaoigh tú orm i do bhuartha, agus dʼfhuascail mé tú: agus dʼéist mé leat nuair a luigh an doineann ort.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

7 A mbuaidhreadh ghoir tusa orram, A’s shaor me tu go cáidh. A nionad díamhar na tóirníghe, Do fhreagair mé do ghlaoidh; Láimh re huisgeadhuibh Mheribah, Do dhearbh me thú maraon.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 A mbuáidhreadh do ghoir tú, agus do sháor mé thú; do fhreagair mé thú a nionad uáigneach na tóirnighe: do dhearbh mé thú láimh ré huisgeadhuibh Meribah. Selah.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Teanga nárbh aithnid dom a chuala mé: “Thug mé faoiseamh dá ghualainn ón ualach agus fuasclaíodh a lámha ón gcliabh.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 81:7
16 Tagairtí Cros  

Glaoigh orm ansin in am na hanacra; saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.”


Agus Forann ag druidim leo d'fhéach clann Iosrael ina dtimpeall, agus b'shiúd na hÉigiptigh sa tóir orthu! Tháinig scéin orthu, agus ghlaoigh clann Iosrael ar an Tiarna;


Le ham faire na maidine, d'fhéach an Tiarna anuas ar shluaite na hÉigipteach ón gcolún tine agus néil agus rinne sé cíor thuathail de shluaite na nÉigipteach.


Bhí glór na hadhairce ag dul i neart agus i neart. Labhair Maois agus d'fhreagair Dia é le toirneach.


Le himeacht na fadaimsire sin tháinig an bás ar rí na hÉigipte; agus bhí clann Iosrael ag cneadaíl faoi chuing a ndaoirse agus scread siad ag iarraidh cabhrach agus tháinig a scread ó umar a ndaoirse i láthair Dé.


“Mise an Tiarna do Dhia a thug thú amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse.


Abair dá bhrí sin le clann Iosrael: ‘Mise an Tiarna. Déanfaidh mé sibh a fhuascailt ó na hualaí a leagann na hÉigiptigh oraibh agus saorfaidh mé sibh ó dhaoirse fúthu; agus fuasclóidh mé sibh le láimh ar tinneall agus le hollbhearta breithiúnais.


“Féach, mar sin, go bhfuil na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - nach ndéarfaidh daoine níos mó: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as críoch na hÉigipte!’


Sin iad uiscí Mhiríbeá (Conspóide) mar a raibh clann Iosrael ag conspóid leis an Tiarna agus gur thaispeáin sé gur naofa é ina measc.


“Ní foláir,” ar sé, “Árón a chruinniú chun a mhuintire; óir níl sé le dul isteach sa tír a thug mé do chlann Iosrael, óir rinne sibh ceannairc i m'aghaidh ag uiscí Mhiríbeá.


Dúirt sé faoi Léiví: Tabhair do Léiví do Úirím, agus do Thuimím don té dá dtug tú gean, tar éis duit é a phromhadh ag Masá, agus bheith ag spairn leis ag Miríbeá,


‘Mise an Tiarna do Dhia a thug amach as tír na hÉigipte thú agus as teach na daoirse.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí