Salm 81:9 - An Bíobla Naofa 19819 Éistigí, a phobal liom, tabharfaidh mé comhairle daoibh; monuar nach n‑éisteann tú liom, a Iosrael! Féach an chaibidilAn tSaltair 1965 (Ó Cuinn)9 Á rá, Éistigí, a phobail liom, agus tabharfaidh mé mo dheimhin air daoibh: a Iosrael, má thugann tú cluas dom, Féach an chaibidilPsalma Dhaibhí 18369 Ionadsa na bíodh am air bith, Dia coimhthígheach na claon; ’S do Dhia cóigchríche ni chlaonfair, Tú, thu‐féin síos maraon. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)9 Ní biáidh ionnadsa día coimhthigheach; agus ní chláonfa tú thú féin do dhía coigcríche. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20129 Éistigí, a phobal liom, tabharfaidh mé comhairle daoibh; monuar nach n‑éisteann tú liom, a Iosrael! Féach an chaibidil |
Ansin dúirt sé: “Má éisteann tú go cáiréiseach le glór an Tiarna do Dhia agus a bhfuil ceart ina láthair a dhéanamh agus aird a thabhairt ar a aitheanta agus a reachtanna a choimeád, ní dhéanfaidh mé aon cheann de na holca a d'imir mé ar na hÉigiptigh a imirt ort; mar is mise an Tiarna do shlánaitheoir.”