Le fuineadh an lae chuaigh Íosác amach ag siúl sna bánta; d'ardaigh sé a shúile agus d'fhéach uaidh agus chonaic camaill chuige.
Salm 1:2 - An Bíobla Naofa 1981 ach a bhfuil a dhúil i ndlí an Tiarna, agus a dhéanann machnamh air de lá agus d'oíche. An tSaltair 1965 (Ó Cuinn) Ach is é dlí an Tiarna a aoibhneas: agus beidh sé ag meabhrú ar a dhlí lá agus oíche. Psalma Dhaibhí 1836 Ta ’dhúil a ndlighthibh náomhtha Dé, ’Sda ccuimhneadh oidhche a’s la. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Acht atá a dhúil a ndligheadh an TIGHEARNA; agus iona dhligheadh smuaineann sé do ló agus doidhche. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ach a bhfuil a dhúil i ndlí an Tiarna, agus a dhéanann machnamh air de lá agus dʼoíche. |
Le fuineadh an lae chuaigh Íosác amach ag siúl sna bánta; d'ardaigh sé a shúile agus d'fhéach uaidh agus chonaic camaill chuige.
Óir bhí Eazrá luite ó chroí le staidéar a dhéanamh ar dhlí an Tiarna agus lena chleachtadh, agus lena aitheanta agus a fhorálacha a theagasc d'Iosrael.
Go mba taitneamhach leis briathra mo bheil; is sa Tiarna a dhéanfaidh mé gairdeas.
Alleluia. Is aoibhinn don fhear ar a mbíonn eagla an Tiarna; a thugann taitneamh dá aitheanta uile.
Amhrán: Salm de chuid chlann Chorach. Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Mahalat”. Mascil Heman an dúchasach.
Nuair a tháinig do bhriathra, d'ith mise iad. Bhí do bhriathar ina ghairdeachas agus ina lúcháir do mo chroí; óir gaireadh d'ainmse orm, a Thiarna, Dia na Slua.
Agus an ea nach ndéanfaidh Dia ceart dá mhuintir thofa féin a bhíonn ag éamh air de lá is d'oíche, agus eisean ag déanamh foighne ina gcás?
Fágadh ina baintreach í, agus bhí ceithre bliana ochtód an uair seo aici; agus ní fhágadh sí an Teampall, ag seirbhís do Dhia de lá agus d'oíche le troscadh agus le hurnaithe.
Is cuimhin libh, a bhráithre, an saothar agus an sclábhaíocht a rinneamar; mar a bhímis ag obair de lá is d'oíche ar eagla go mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh le linn dúinn dea-scéal Dé a chraobhscaoileadh daoibh.
Caith do dhúthracht leis na nithe sin agus bí ag gabháil dóibh chun go mba léir do chách an dul chun cinn atá á dhéanamh agat.
Gabhaim buíochas le Dia, a bhfuilim ag seirbhís dó le coinsias glan mar a dhéanadh mo shinsir romham, gach uair dá gcuimhním ort i m'urnaithe, rud a dhéanaim de lá agus d'oíche.
Leabhar seo an dlí, ná fágadh sé do bhéal ach déan do mhachnamh air de lá agus d'oíche, le go ndéanfaidh tú go beacht de réir gach a bhfuil scríofa ann, óir is mar sin a chuirfidh tú an rath ar do ród agus a bheidh an t‑ádh i do bhóthar.