ní fiú mé aon phioc den chineáltas buan ná den dílseacht a thaispeáin tú do do shearbhónta. Óir ní raibh agamsa ach mo bhata nuair a ghabh mé thar an Iordáin anseo, agus anois is líon dhá bhaicle mé.
Matha 8:8 - An Bíobla Naofa 1981 Ach dúirt an taoiseach céad á fhreagairt: “A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí. Ná déan ach an focal a rá agus beidh mo ghiolla leigheasta. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach ba é freagra an cheantúra, “A Thiarna, ni fiú mé tú a theacht faoi mo dhíon; ná habair ach an focal amháin, agus leigheasfar mo sheirbhíseach. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht d’fhreagair an ceanntúir é, agus dubhairt: A Thighearna, ní fiú mise go dtiocfá faoi mo dhíon; acht abair amháin an focal, agus béidh mo ghiolla slán. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhreagair an ceanntúir, agus adubhairt, A Thighearna, ní fiú mise go dtiocfá fám’ dhíon: acht abair an focal amháin, agus béidh mo ghiolla slán. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar bhfreagra do chaiptin a dubhairt sé, a Thighearna, ní fíu misi thusa do theachd a sdeach fam chleith: achd a mháin abair an focal, agus sláinéochthar mhóglách. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt an taoiseach céad: A Thighearna, ní fiú mise go dtiocfá fé m’ dhíon; ach abair an focal amháin agus beidh mo bhuachaill slán. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach dúirt an taoiseach céid dá fhreagairt: “A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí. Ná déan ach an focal a rá agus beidh mo ghiolla leigheasta. |
ní fiú mé aon phioc den chineáltas buan ná den dílseacht a thaispeáin tú do do shearbhónta. Óir ní raibh agamsa ach mo bhata nuair a ghabh mé thar an Iordáin anseo, agus anois is líon dhá bhaicle mé.
Éistfidh tú, a Thiarna, le mianta na mbocht; daingneoidh tú a gcroí agus tabharfaidh tú cluas dóibh,
Chuir sé a bhriathar chucu á leigheas; agus saoradh iad ón scrios a bhí ag bagairt orthu.
“Tóg an tslat agus cruinnigh an pobal, tú féin agus do dheartháir Árón, agus ansin os comhair a súl, ordaígí don charraig a huisce a thabhairt uaithi. Cuirfidh tú uisce ag sní as an gcarraig dóibh agus tabharfaidh tú deoch don chomhthionól agus dá eallach.”
Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.
Ach bhí Eoin ag iarraidh é stop. “Is domsa is gá baisteadh a fháil uaitse,” ar seisean, “agus an bhfuil tusa ag teacht chugamsa?”
Agus shín sé amach a lámh, agus bhain leis, ag rá: “Is áil, glantar thú”; agus leigheasadh ón lobhra é láithreach.
Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.”
ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm; déan díom mar a bheadh duine de do lucht tuarastail.’
Dúirt an mac leis: ‘A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthairse; ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm.’
Nuair a chonaic Síomón Peadar é sin, chaith sé é féin ag glúine Íosa ag rá: “Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé.”