Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 3:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Ach bhí Eoin ag iarraidh é stop. “Is domsa is gá baisteadh a fháil uaitse,” ar seisean, “agus an bhfuil tusa ag teacht chugamsa?”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Rinne Eoin iarracht ar chúl a chur air, agus dúirt sé, “Cad chuige duit teacht chugam, agus gnótha agam bheith do mo bhaisteadh agatsa?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Acht chuir Eoin ina aghaidh, ag rádh: Is damh-sa ba chóir baisteadh d’fhagháil uait-se; agus an amhlaidh atá tusa ag teacht chugam-sa?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Acht d’iarr Eoin cosc do chur leis, g‐á rádh, Is damh‐sa ba cheart baisteadh d’fhagháil uait‐se, agus is ag teacht chugam‐sa atáir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Achd cheana do thoirmeisg Eóin é, ag rádh, Atá a ríachdanus oramsa thusa dóm bhaisdeadh, agus an bhfuil tusa ag teachd chugamsa?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Ach bhí Eóin ’ghá chosg, agus deireadh sé: Is dómh-sa is gádh baiste dh’fhághail uait-se; agus tusa ag teacht ag triall orm-sa?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Ach bhí Eoin ag iarraidh é a stopadh. “Is dom-sa is gá baiste a fháil uait-se,” ar seisean, “agus an bhfuil tusa ag teacht chugam-sa?”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 3:14
16 Tagairtí Cros  

Tháinig Íosa i láthair ansin: ón nGailíl a tháinig, go dtí an Iordáin ag triall ar Eoin chun baisteadh a fháil uaidh.


Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin.


Agus conas a tharla seo domsa, máthair mo Thiarna a theacht chugam?


Óir ghlacamar uile as a lánmhaireacht, sea, grásta ar ghrásta.


Ní áil liom, a bhráithre, gan a fhios a bheith agaibh gur minic a chuir mé romham dul ar cuairt chugaibh le súil go mbainfinn fómhar in bhur meascsa chomh maith, mar a bhain mé i measc na ngintlithe eile, ach gur cuireadh bac orm go dtí seo.


mar tá an peaca déanta acu uile agus iad uile in uireasa ghlóire Dé;


an té ar leag Dia amach dó a bheith in shás peacaí a ghlanadh lena chuid fola ach creideamh a bheith ann, chun fíréantacht Dé a thaispeáint agus a rá gur lig sé thairis le barr a fhoighne na seanpheacaí a bhí déanta;


ach dhaingnigh an scrioptúr an uile ní faoi ghlas an pheaca, ar shlí go dtabharfaí ar gealladh do chreideamh in Íosa Críost do lucht an chreidimh sin.


Agus mar chruthú gur clann mhac dó sibh chuir Dia Spiorad a Mhic inár gcroí agus “Abba, a Athair” á screadadh aige.


Is amhlaidh freisin nárbh fholáir sluaite de na sagairt eile úd a bheith ann toisc nach raibh duine acu buanmharthanach mar gheall ar an mbás.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí