Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus d’fhreagair an ceanntúir, agus adubhairt, A Thighearna, ní fiú mise go dtiocfá fám’ dhíon: acht abair an focal amháin, agus béidh mo ghiolla slán.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Ach ba é freagra an cheantúra, “A Thiarna, ni fiú mé tú a theacht faoi mo dhíon; ná habair ach an focal amháin, agus leigheasfar mo sheirbhíseach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Acht d’fhreagair an ceanntúir é, agus dubhairt: A Thighearna, ní fiú mise go dtiocfá faoi mo dhíon; acht abair amháin an focal, agus béidh mo ghiolla slán.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus ar bhfreagra do chaiptin a dubhairt sé, a Thighearna, ní fíu misi thusa do theachd a sdeach fam chleith: achd a mháin abair an focal, agus sláinéochthar mhóglách.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus dubhairt an taoiseach céad: A Thighearna, ní fiú mise go dtiocfá fé m’ dhíon; ach abair an focal amháin agus beidh mo bhuachaill slán.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Ach dúirt an taoiseach céid dá fhreagairt: “A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí. Ná déan ach an focal a rá agus beidh mo ghiolla leigheasta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Ach dúirt an taoiseach céad á fhreagairt: “A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí. Ná déan ach an focal a rá agus beidh mo ghiolla leigheasta.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:8
18 Tagairtí Cros  

Baistim‐se le h‐uisce sibh chum aithrighe; acht an té atá ag teacht im’ dhiaidh, is treise é ’ná mise, agus ní fiú mise a bhróga d’iomchar: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le teinidh. Atá a cháithteachán ’n‐a láimh aige,


Acht d’iarr Eoin cosc do chur leis, g‐á rádh, Is damh‐sa ba cheart baisteadh d’fhagháil uait‐se, agus is ag teacht chugam‐sa atáir.


Agus do shín sé amach a lámh, agus do chuir sé air í, g‐á rádh, Is áil liom é; glantar thú. Agus ar an láthair do glanadh é ó’n lobhra.


Agus adubhairt Íosa leis, Tiocfad‐sa agus leigheasfad é.


Óir is fear mise atá fá cheannas, agus atá saighdiúirí fúm féin: agus adeirim leis an bhfear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tig sé, agus lem’ sheirbhíseach, Déan so, agus do‐ghní sé é.


ní fiú mé feasta go luadhfaidhe mé mar mhac duit: déan duine ded’ lucht tuarastail díom.


Agus adubhairt an mac leis, A athair, do‐rinneas peacadh i n‐aghaidh neimhe, agus id’ fhiadhnaise‐se: ní fiú mé feasta go luadhfaidhe mé mar mhac duit.


Acht nuair do chonnaic Síomón Peadar sin, do thuit sé ag glúnaibh Íosa, agus adubhairt sé, Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé.


an té atá ag teacht im’ dhiaidh‐se, nach fiú mise oiread agus iall a bhróige do scaoileadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí