Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 8:5 - An Bíobla Naofa 1981

Tar éis dul isteach i gCafarnáum dó, tháinig taoiseach céad chuige ag achainí air:

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ar a bhealach isteach go Caparnáum, tháinig ceantúir ina airicis, ag cur impí air

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus ar theacht isteach go Capharnaum dó, tháinic ceanntúir chuige, ghá ghuidhe,

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus tar a éis dó dul isteach i gCafarnaúm, tháinig ceanntúir chuige,

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar ndul Díosa a sdeach go Capernáum, tháinic sentúrion chuige, dá ghuidhe,

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Ansan nuair a bhí sé tar éis dul isteach i gCapharnaum tháinig chuige taoiseach céad, ’ghá ghuidhe,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Tar éis dul isteach i gCafarnáúm dó, tháinig taoiseach céid chuige ag achainí air:

Féach an chaibidil



Matha 8:5
15 Tagairtí Cros  

Agus tusa, a Chafarnáum, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hifreann a theilgfear thú! óir, dá mba i Sodom a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionatsa, bheadh sí ann go dtí an lá inniu.


An taoiseach céad, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm talún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: “Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.”


D'fhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáum cois na farraige, i gcríocha Zabúlun agus Naftáilím


Ar dhul ar bord dó, chuaigh sé trasna agus tháinig isteach ina chathair féin.


An taoiseach céad a bhí ina sheasamh os a chomhair, chonaic sé mar a shíothlaigh sé amhlaidh sin agus dúirt sé: “Go dearfa ba é Mac Dé an duine sin.”


Roinnt laethanta ina dhiaidh sin, ar theacht ar ais go Cafarnáum dó, fuarthas fios go raibh sé sa teach,


Ach nuair a bhí sé ceangailte leis na hiallacha acu, dúirt Pól leis an taoiseach céad a bhí ansiúd: “An bhfuil sé ceadaithe daoibhse saoránach Rómhánach a léasadh agus gan aon chúirt curtha air go fóill?”


Ghlaoigh Pól ar dhuine de na taoisigh chéad agus dúirt leis: “Tabhair leat an gasúr seo go dtí an ceannasaí mar tá scéala aige le hinsint dó.”


Chuir sé fios ansin ar bheirt de na taoisigh chéad agus dúirt leo: “Bíodh dhá chéad saighdiúirí ullamh agaibh ar an tríú huair anocht chun dul go Céasaráia agus seachtó marcach chomh maith agus dhá chéad sleádoirí.


Nuair a d'éirigh gaoth bhog aneas, mheas siad go raibh rite leo; thóg siad an t‑ancaire agus chun bealaigh leo cois cósta na Créite.


Labhair Pól leis an taoiseach céad agus leis na saighdiúirí: “Mura bhfanann siadsan ar bord,” ar seisean, “ní féidir daoibhse teacht slán.”


Ach ní cheadódh an taoiseach céad dóibh an beart seo a chur i gcrích mar gur theastaigh uaidh Pól a thabhairt slán. D'ordaigh sé don mhuintir a raibh snámh acu léim isteach san fharraige ar dtús agus dul i dtír


Tá Lioda i ngar do Iopae agus nuair a chuala na deisceabail Peadar a bheith san áit, chuir siad beirt fhear chuige á iarraidh air teacht chucu gan mhoill.