Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Gníomhartha 22 - An Bíobla Naofa 1981


Pól á Chosaint Féin

1 “A bhráithre agus a aithreacha, éistigí lena bhfuil le rá agam chun mo chosanta.”

2 Nuair a chuala siad ag labhairt sa teanga Eabhra é, d'éirigh siad ní ba chiúine fós.

3 Lean sé air: “Is Giúdach mise a rugadh i dTarsas na Siléise; tógadh sa chathair seo mé i mo dhalta ag Gamailíéil. Fuair mé oiliúint bheacht i ndlí ár sinsear agus bhí mé chomh dúthrachtach chun Dé agus atá sibhse go léir inniu.

4 Rinne mé géarleanúint go bás ar an mBealach seo. Bhíodh fir agus mná á ngabháil agam agus á gcur i bpríosún.

5 Tá an t‑ardsagart agus comhairle na seanóirí ina bhfinnéithe agam air sin. Go deimhin fuair mé litreacha uathu do na bráithre agus bhí mé ar mo bhealach go Damaisc chun an dream a bhí ann a ghabháil agus a thabhairt ar ais go Iarúsailéim go gcuirfí pionós orthu,

6 ach tharla agus mé ar an tslí ag druidim le Damaisc, timpeall meán lae gur las solas mór ó neamh go tobann i mo thimpeall.

7 Thit mé go talamh agus chuala mé an guth á rá liom: ‘A Shóil, a Shóil, cad chuige a bhfuil tú do mo ghéarleanúint?’

8 ‘Cé thú féin, a thiarna?’ arsa mise á fhreagairt. ‘Is mé Íosa Nazórach atá agat á ghéarleanúint,’ ar seisean.

9 Iad seo a bhí le mo chois, chonaic siad an solas ach níor chuala siad glór an té a bhí ag caint liom.

10 Dúirt mé ansin: ‘Cad atá le déanamh agam, a thiarna?’ Agus dúirt an Tiarna liom: ‘Éirigh i do sheasamh, lean ort go Damaisc agus inseofar ansin duit gach ní atá ceaptha duit le déanamh.’

11 Bhí gile an tsolais úd tar éis mé a dhalladh agus rug mo chomrádaithe ar láimh orm agus tháinig mé isteach i nDamaisc.

12 “Bhí fear darbh ainm Anainias, fear a bhí fíréanta de réir an dlí agus meas air ag na Giúdaigh go léir a chónaigh ann,

13 agus tháinig sé chugam, agus sheas sé os mo chomhair á rá liom: ‘A Shóil, a bhráthair, bíodh do radharc arís agat.’ Agus ar an spota bhí mo radharc agam arís.

14 Ansin dúirt sé liom: ‘Tá sé ceaptha roimh ré ag Dia ár sinsear duit go mbeadh fios a thola agat, go bhfeicfeá an Fíréan agus go gcloisfeá glór a bhéil féin.

15 Mar beidh tú i do fhinné aige os comhair an uile dhuine ar a bhfuil feicthe agus cloiste agat.

16 Anois cad é an mhoill atá ort? Éirigh i do sheasamh, déantar thú a bhaisteadh agus do pheacaí a ní díot féin trí ghlaoch ar a ainm.’ ”

17 “Chuaigh mé ar ais go Iarúsailéim, agus le linn dom bheith ag guí sa Teampall, thit mé i dtámhnéal agus

18 chonaic mé é agus é á rá liom: ‘Brostaigh, agus imigh leat go tapa as Iarúsailéim mar ní ghlacfaidh siad le do chuid fianaise ormsa.’

19 ‘Ach, a Thiarna,’ arsa mise leis, ‘nach bhfuil a fhios acu go maith go mbímse ag dul ó shionagóg go sionagóg ag cur na ndaoine a chreideann ionatsa i bpríosún agus á sciúrsáil?

20 Fiú amháin nuair a bhí fuil do fhinné Stiofán á doirteadh, bhí mé féin ar an láthair ag toiliú leis agus ag coimeád a n‑éadaí do lucht a mharaithe.’

21 Agus is é a dúirt sé liom: ‘Gluais leat, mar is ag triall ar na gintlithe i bhfad ó bhaile a chuirfidh mé thú.’ ”


Pól agus an Ceannasaí Rómhánach

22 D'éist an slua leis go dtí gur dhúirt sé an abairt sin. Ansin scread siad in ard a ngutha: “Cuir den saol an duine sin; ní ceart a leithéid a bheith beo.”

23 Agus bhí siad ag liúireach, ag croitheadh a gcuid éadaigh agus ag caitheamh deannaigh san aer.

24 D'ordaigh an ceannasaí é a thabhairt isteach sa dúnfort agus dúirt é a cheistiú faoin lasc féachaint cén fáth a raibh siad ag liúireach mar sin air.

25 Ach nuair a bhí sé ceangailte leis na hiallacha acu, dúirt Pól leis an taoiseach céad a bhí ansiúd: “An bhfuil sé ceadaithe daoibhse saoránach Rómhánach a léasadh agus gan aon chúirt curtha air go fóill?”

26 Nuair a chuala an taoiseach céad an méid sin, chuaigh sé go dtí an ceannasaí: “Cad a mheasann tú a dhéanamh?” ar seisean leis, “is saoránach Rómhánach é siúd.”

27 Chuaigh an ceannasaí anonn go Pól. “Inis dom”, ar seisean, “an saoránach Rómhánach tusa.” “Is ea,” arsa Pól.

28 Dúirt an ceannasaí á fhreagairt: “Sea, is daor a cheannaigh mé féin an tsaorántacht sin.” “Tá sí agamsa ó dhúchas,” d'fhreagair Pól.

29 An mhuintir a bhí chun é a cheistiú, chúlaigh siad uaidh laithreach. Bhí eagla ar an gceannasaí freisin nuair a fuair sé amach gur shaoránach Rómhánach é agus é féin tar éis é a cheangal.


Pól i Láthair na Comhairle

30 Lá arna mhárach, d'fhonn a fháil amach cad é go cruinn a bhí á chur ina leith ag na Giúdaigh, scaoil sé é agus chuir fios ar na hardsagairt agus ar an tsainidrín ar fad. Ansin thug sé Pól anuas agus chuir ina sheasamh os a gcomhair é.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí