Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 22:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 ‘Cé thú féin, a thiarna?’ arsa mise á fhreagairt. ‘Is mé Íosa Nazórach atá agat á ghéarleanúint,’ ar seisean.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Agus dʼfhreagair mé, ‘Cé tú féin, a Thiarna?’ Agus dúirt sé liom, ‘Is mise Íosa as Nasair a mbíonn tú á ghéarleanúint’.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Agus d’fhreagair mise: Cé tú féin, a Thighearna? Agus dubhairt sé liom: Is mise Íosa as Nasair, a ndéan tusa géirleanamhaint orm.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus d’fhreagras‐sa, Cia thusa, a Thighearna? Agus adubhairt sé liom, Is mise Íosa Nasardha atá agat d’á ghéirleanamhain.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus do fhreaguir misi, Cia thú féin, a Thighearna? Agus a dubhairt seisean rium, As misi Iósa Nasardha ar a bhfuil tusa ag gérleanmhuin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus dubhairt sé liom: Mise Íosa Nasareit atá agat d’á ghéarleanmhaint.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 22:8
16 Tagairtí Cros  

agus dúirt sé leis: “Rith leat agus abair leis an ógánach sin go gcaithfear Iarúsailéim a fhágáil gan bhallaí mar gheall ar oll-líon na ndaoine agus na mbeithíoch a bheidh inti.


agus chuir faoi i mbaile ar a dtugtar Nazarat; chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí na fáithe: “Tabharfar Nazórach air.”


Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’


Ansin freagróidh sé iad: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid nach ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú díobh seo, ní dhearna sibh domsa é ach oiread.’


“Nar lige Dia sin, a mháistir,” d'fhreagair Peadar, “mar níor ith mé riamh aon ní a bhí mínaofa ná neamhghlan.”


Thit mé go talamh agus chuala mé an guth á rá liom: ‘A Shóil, a Shóil, cad chuige a bhfuil tú do mo ghéarleanúint?’


“Bhí mé féin deimhin de tráth gurbh é mo dhualgas é gach dícheall a dhéanamh in aghaidh ainm Íosa Nazóraigh.


Ach dúirt Peadar leis: “Níl ór ná airgead agam, ach an ní atá agam bronnaim ort é: in ainm Íosa Críost an Nazórach, siúil.”


bíodh a fhios agaibhse go léir agus ag pobal Iosrael ar fad gur in ainm Íosa Críost Nazórach - an fear a chéas sibhse ar chrois ach ar thóg Dia ó mhairbh é - gur ina ainm sin atá an duine seo ina sheasamh os bhur gcomhair ina shláinte.


Chualamar é á rá go ndéanfadh an Íosa Nazórach úd an áit seo a leagan ar lár agus na gnásanna a d'fhág Maois againn a athrú.”


Is aonad an corp agus mórán ball ann, ach dá líonmhaire iad na baill ní dhéanann siad uile ach aon chorp amháin. Is é an dála céanna ag Críost é:


Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Tabhair aird ar ghlór na ndaoine agus ar a ndeir siad leat. Óir ní duitse a dhiúltaigh siad, ach domsa a bheith i mo rí orthu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí