Gníomhartha 22:3 - An Bíobla Naofa 19813 Lean sé air: “Is Giúdach mise a rugadh i dTarsas na Siléise; tógadh sa chathair seo mé i mo dhalta ag Gamailíéil. Fuair mé oiliúint bheacht i ndlí ár sinsear agus bhí mé chomh dúthrachtach chun Dé agus atá sibhse go léir inniu. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)3 “Is Giúdach mé, a tháinig ar an saol i dTarsus i gCilicia, ach a oileadh sa chathair seo ag cosa Ghamáliel, ar tugadh oideachas dó go cruinn beacht i ndlí ár sinsear, agus an dúthracht chéanna ar son Dé agus atá ionaibh uile an lá seo. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara3 Agus deir sé: Is Iúdach mise, a rugadh i dTarsus i gCilicia, acht ba san chathair seo ag cosa Ghamaliéil a h-oileadh mé, agus múineadh go fíor mé i ndlighe ár n-aithreach, agus mé dúthrachtach ar leith an dlighe, mar atá sibh-se uilig mar an gcéadna indiu: Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)3 Is Iúdach mé, rugadh i dTarsus Chilicia, acht tógadh mé san gcathair seo, ag cosaibh Ghamaliél, do múineadh mé go beacht de réir dlighe ár n‐aithreach, agus do bhíos lán de dhíoghrais ar son Dé, fá mar atá sibh‐se indiu: Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)3 As Iúdaighe misi gan amharus, rugadh a Dtarsus, na Cilícia, gidheadh as ann sa chathruighsi ag cosaibh Ghamáliel do hoileadh mé, agus do muineadh go diongmhála a ndligheadh ar naithreadh mé, agus do bhí mé ar lasádh do ghrádh Dé, amhail agus atatháoisi uile a niu. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)3 Agus dubhairt sé: Fear Iúdach iseadh mise. i dTarsus Cilicia do rugadh mé, ach sa chathair seo iseadh do tógadh me, ag cosaibh Ghamaliéil, agus do múineadh mé do réir fírinne dlighe ár sínsear, chómh seasamhach do’n dlighe sin agus atáthaoi-se go léir indiu. Féach an chaibidil |
Nuair a d'aithin Pól gur de bhuíon na Sadúcach cuid acu agus gur de bhuíon na bhFairisíneach an chuid eile dúirt sé sa tsainidrín in ard a ghutha: “A bhráithre, is Fairisíneach mise agus is de shliocht na bhFairisíneach mé. Is mar gheall ar an dóchas agus ar aiséirí na marbh atáim ar mo thriail anseo.”