Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Gníomhartha 27 - An Bíobla Naofa 1981


Pól ag Cur Chun Bealaigh go dtí an Róimh

1 Nuair a bhí sé beartaithe go seolfaimis chun na hIodáile, thug siad suas Pól agus roinnt eile príosúnach do thaoiseach céad darbh ainm Iúilias, de dhíorma an impire.

2 Chuamar ar bord loinge in Adraimitiam, long a bhí ag triall ar chalafoirt feadh chósta na hÁise, agus chuireamar chun farraige. Bhí Arastarchos, Macadónach ó Theasaloinicé, in éineacht linn.

3 An lá dár gcionn chuamar i dtír i Síodón, agus bhí Iúilias chomh lách sin le Pól gur lig sé dó dul ag fiosrú a chairde agus iad a dhéanamh cúraim de.

4 Chuireamar chun siúil ón áit sin agus toisc an ghaoth a bheith inár gcoinne sheolamar ar thaobh na fothana den Chipir

5 agus ansin trasna na farraige amach ón tSiléis agus ó Phaimfile nó gur thángamar i dtír i Míora i gcúige na Líce.

6 Fuair an taoiseach céad long Alastraíneach ansiúd a bhí ag triall ar an Iodáil, agus chuir sé sinn ar bord inti.

7 Ba bheag an siúl a bhí fúinn ar feadh mórán laethanta, agus ba é ár ndícheall é Cníodos a bhaint amach agus nuair nach ligfeadh an ghaoth dúinn dul ar aghaidh, sheolamar linn faoi thaobh na fothana den Chréit amach ó Shalmóiné;

8 ag coinneáil go dlúth leis an gcósta dúinn, agus ba le dua é, bhaineamar áit amach darbh ainm na Cuanta Áille, áit atá i ngar do chathair Lasáia.

9 Bhí mórán aimsire curtha amú againn faoin am seo: bhí Lá an Troscaidh thart agus níorbh iontaoibh feasta leanúint den turas. Más ea thug Pól foláireamh dóibh

10 á rá: “Feictear domsa, a fheara, go bhfuil tubaiste i ndán don turas seo agus go ndéanfar díobháil mhór ní amháin don long agus don lasta ach dúinn féin chomh maith.”

11 Ach ba mhó an aird a thug an taoiseach céad ar an bhfear stiúrach agus ar an gcaptaen ná ar chaint Phóil.

12 Agus toisc nach raibh an cuan oiriúnach chun an geimhreadh a chaitheamh ann, mhol a bhformhór dul chun farraige ón áit, le súil go bhféadfaidís Féinix a shroichint agus an geimhreadh a chaitheamh ann - cuan de chuid na Créite a bhfuil a aghaidh siar ó dheas agus siar ó thuaidh.


Stoirm

13 Nuair a d'éirigh gaoth bhog aneas, mheas siad go raibh rite leo; thóg siad an t‑ancaire agus chun bealaigh leo cois cósta na Créite.

14 Ach níorbh fhada gur éirigh anfa gaoithe - an ghaoth anoir aduaidh mar a ghlaotar uirthi - agus í ag séideadh ón talamh.

15 Nuair a rugadh ar an long agus nárbh fhéidir a ceann a choinneáil le gaoth, ghéilleamar agus d'imíomar le sruth.

16 Ritheamar faoi scáth oileáin bhig darbh ainm Cauda agus d'éirigh linn bád na loinge a fheistiú ar éigean.

17 Thóg siad ar bord é agus bhain feidhm as áiseanna chun an long a fháscadh, agus ar eagla go rithfidís isteach sa Sirtis, lig siad anuas na seolta agus d'imigh le sruth ar an gcuma sin.

18 An lá dár gcionn bhí an stoirm dár ngreadadh go dona agus thosaigh siad ag caitheamh an lasta thar bord

19 agus an lá ina dhiaidh sin theilg siad trealamh na loinge amach lena lámha féin.

20 Ar feadh mórán laethanta ní raibh grian ná réalta le feiceáil ach an t‑anfa dár ngreadadh go dian agus gan súil ar bith againn go dtiocfaimis slán.

21 Faoin am seo bhí siad tamall fada gan bia a chaitheamh agus d'éirigh Pól ina lár agus dúirt: “Dá mb'áil libh mo chomhairlese a ghlacadh, a fheara, agus gan corraí as an gCréit, ní tharlódh an dochar ná an díobháil seo daoibh.

22 Ar a shon sin impím anois oraibh misneach a bheith agaibh mar ní chaillfear duine ar bith agaibh ach an long amháin.

23 Mar anocht féin sheas le mo thaobh aingeal ón Dia ar leis mé agus a bhfuilim ag seirbhís dó,

24 agus dúirt sé liom: ‘Ná bíodh eagla ort, a Phóil, mar ní foláir duitse seasamh os comhair Chéasair, agus a bhfuil de dhaoine ag taisteal leat, féach, tá siad bronnta suas ort ag Dia.’

25 Bíodh misneach agaibh dá bhrí sin, a fheara, mar go gcreidimse i nDia go dtitfidh gach ní amach mar a dúradh liom é,

26 agus go bhfuil i ndán dúinn go gcaithfear i dtír sinn in oileán éigin.”

27 Nuair a tháinig an ceathrú hoíche dhéag bhíomar fós ag imeacht le gaoth sa Mhuir Aidriad, ach faoi lár na hoíche bhraith na mairnéalaigh go raibh talamh ag druidim leo.

28 Nuair a thomhais siad an doimhneas fuair siad go raibh sé fiche feá; agus nuair a thomhais siad arís tar éis tamaill bhig eile ní raibh sé ach a cúig déag.

29 Agus ar eagla go gcaithfí ar na carraigeacha sinn chuir siad ceithre ancaire amach as deireadh na loinge agus iad ag guí go ngealfadh an lá.

30 Bhí na mairnéalaigh ag faire ar theitheadh as an long agus scaoil siad an bád isteach san fharraige mar dhea go raibh siad chun ancairí a ligean amach as tosach na loinge.

31 Labhair Pól leis an taoiseach céad agus leis na saighdiúirí: “Mura bhfanann siadsan ar bord,” ar seisean, “ní féidir daoibhse teacht slán.”

32 Ansin ghearr na saighdiúirí téada an bháid agus lig di titim isteach san fharraige.

33 Le breacadh an lae d'iarr Pól orthu go léir bia a chaitheamh. “Tá sibh ar bior le ceithre lá dhéag anois ar troscadh gan greim bia a chaitheamh,” ar seisean.

34 “Molaim daoibh dá bhrí sin bhur gcuid a chaitheamh, mar tá bhur slánú ag brath air. Mar ní chaillfear ribe gruaige as ceann aon duine agaibh.”

35 Tar éis na cainte sin thóg sé bollóg aráin, ghabh sé buíochas le Dia i bhfianaise chách, bhris an t‑arán agus chrom ar é a ithe.

36 Ghlac siad go léir misneach ansin agus chaith siad béile.

37 Bhí dhá chéad seachtó a sé againn ar fad ar bord na loinge.

38 Nuair a bhí a ndóthain ite acu, thosaigh siad ag caitheamh an arbhair isteach san fharraige d'fhonn an long a éadromú.


Longbhriseadh

39 Nuair a gheal an lá níor aithin siad an tír ach thug siad faoi deara cuan a raibh trá ann agus chinn siad ar an long a thiomáint i dtír ann dá mb'fhéidir.

40 Más ea, scaoil siad leis na hancairí agus d'fhág iad san fharraige; lena linn sin bhog siad ceangail na stiúrach, chroch an seol mór chun na gaoithe agus thug aghaidh ar an trá.

41 Ach tharla siad ar oitir ghainimh agus chuaigh an long i dtalamh ann. Chuaigh a tosach i bhfostó go docht agus d'fhan ann gan corraí aisti fad a bhí a deireadh á réabadh ina smidiríní le fórsa na dtonnta.

42 Chinn na saighdiúirí ar na príosúnaigh a mharú le heagla go snámhfadh aon duine acu i dtír agus éalú leis.

43 Ach ní cheadódh an taoiseach céad dóibh an beart seo a chur i gcrích mar gur theastaigh uaidh Pól a thabhairt slán. D'ordaigh sé don mhuintir a raibh snámh acu léim isteach san fharraige ar dtús agus dul i dtír

44 agus an chuid eile a leanúint ar chláracha adhmaid agus ar phíosaí de bhruscar na loinge. Tharla ar an gcuma sin go ndeachaigh gach duine i dtír go slán sábháilte.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí