Ansin dúirt sí: “Deiridís fadó: ‘Ná déanaidís ach comhairle a lorg in Ábael,’ agus is mar sin a shocraídís a ngnó.
Matha 5:21 - An Bíobla Naofa 1981 “Chuala sibh go ndúradh leis na sinsir: ‘Ná déan marú; agus má dhéanann duine marú beidh air freagairt ann don bhreithiúnas.’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Chuala sibh go ndúradh leis na daoine a bhí ann fadó, ‘Ná déan marú; agus cibé a dhéanas marú, tabharfar breith air.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Chuala sibh go ndubhradh leis na sinnsir: ná déan marbhadh; cibé a ghní marbhadh, béidh sé cionntach do’n bhreitheamhnas. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Do‐chualabhar go ndubharthas leis na sinnsearaibh, ná déan marbhadh; agus cibé duine do‐ghní marbhadh, béidh sé cionntach do’n bhreitheamhnas; acht adeirim‐se libh, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do chúalabhair go ndubhradh ris na seinnsearaibh, Na déuna dúnmharthadh; agus gidh bé do dhéanas dúnmharbhadh biaidh sé cionntach ó bhreitheamhnas: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Chualabhair conus mar adubhradh leis na daoine a bhí ann fadó: Ná dein marbhadh: Agus an t-é dhéanfaidh marbhadh beidh sé ciontach do’n bhreitheamhantas. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Chuala sibh go ndúradh leis na sinsir: ‘Ná déan marú; agus má dhéanann duine marú beidh air freagairt ann don bhreithiúnas.’ |
Ansin dúirt sí: “Deiridís fadó: ‘Ná déanaidís ach comhairle a lorg in Ábael,’ agus is mar sin a shocraídís a ngnó.
Cheap sé breithiúna ar fud na tíre i gcathracha daingne Iúdá go léir ceann ar cheann.
Bíodh na cathracha seo mar thearmannn agaibh ón díoltach fola i dtreo nach mbásófaí an marfóir gan é thabhairt chun breithe os comhair an chomhthionóil.
“Chuala sibh freisin go ndúradh leis na sinsir: ‘Ná sáraigh do mhionn; déan do mhionna a chomhlíonadh don Tiarna.’
“Chuala sibh go ndúradh: ‘Bíodh grá agat do do chomharsa agus fuath agat do do namhaid.’
“Ceap breithiúna agus feidhmeannaigh sna bailte go léir a bhronnann an Tiarna do Dhia ort do do threibheanna uile; tugaidís-sean a mbreith ar an bpobal de réir na ceartbhreithe.
An té nach dtugann grá fanann sa bhás. Gach duine ar fuath leis a bhráthair féin is dúnmharfóir é. Agus tá a fhios agaibh nach sealbhaíonn aon dúnmharfóir an bheatha shíoraí go buan ann féin.