Éiríonn ríthe na cruinne, agus déanann na flatha comhcheilg le chéile in éadan an Tiarna agus a ungthaigh:
Matha 22:15 - An Bíobla Naofa 1981 D'imigh na Fairisínigh ansin ag déanamh comhairle le chéile chun go mbéarfaidís i ngaiste air sa chaint, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Chuaigh na Fairiséigh ansin i gcomhairle faoi conas a chuirfí in achrann é ina chaint. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin d’imthigh na Fairisínigh, agus ghlac siad cómhairle le chéile fá’n dóigh a bhféadadh siad breith air ina chainnt. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin d’imthigh na Fairisínigh, agus do chuadar i gcómhairle g‐á mheabhrú cionnas do chuirfidís i dteannta é sa gcainnt. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ag imtheachd ann sin do na Pharisíneachaibh, do chúadar a gcomhairle cionnas ghéabhadis é iona bríathruibh Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan d’imthigh na Fairisínigh, agus chuadar i gcómhairle go ndéanfaidís búntáiste bhreith air ’n-a chaint. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼimigh na Fairisínigh ansin ag déanamh comhairle le chéile chun go mbéarfaidís i ngaiste air sa chaint, |
Éiríonn ríthe na cruinne, agus déanann na flatha comhcheilg le chéile in éadan an Tiarna agus a ungthaigh:
Labhraíonn mo naimhde fúm le mírún is mioscais: “Cathain a éagfaidh sé go ndearmadfar a ainm?”
Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na bhflaitheas; bíodh do ghlóir os cionn an domhain go léir!
an dream seo a chiontaíonn duine le focal, a chuireann gaiste i mbealach an bhreithiúin sa gheata, a chuireann cúis chóir ó mhaith le fianaise bhréige.
“Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”
Cluinim mórán do mo tharcaisniú: “Eagla ar gach aon taobh! Sceithigí air! Sceithimis air!” Ag a raibh de chairde agam uair bhí súil in airde le mo threascairt: “Meallfar é b'fhéidir, ansin béarfaimid bua air agus imreoimid díoltas air!”
Ach tar éis do na Fairisínigh dul amach, rinne siad comhairle le chéile ina aghaidh chun go millfidís é.
Is ar mhaithe libh a deirim an méid seo, agus ní ag iarraidh laincis a chur oraibh atáim, ach le go mbeadh gach ní ina cheart, agus go bhfónfadh sibh don Tiarna gan cur isteach ná amach oraibh.
Déanaigí machnamh, mar sin, ar an té a chuir suas leis na peacaigh a bhí ag cur chomh mór sin ina aghaidh ionas nach dtiocfaidh tuirse ná lagmhisneach oraibhse choíche.