Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eabhraigh 12:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Déanaigí machnamh, mar sin, ar an té a chuir suas leis na peacaigh a bhí ag cur chomh mór sin ina aghaidh ionas nach dtiocfaidh tuirse ná lagmhisneach oraibhse choíche.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Samhlaigí daoibh féin an té sin a lig do na peacaigh cur ina éadan chomh mór sin, ionas nach n-éireodh sibh cloíte ná cladhartha in bhur n-aigne.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Óir samhluighidh libh féin an té gur cuireadh cómh mór sin ’n‐a choinnibh, agus peacaigh g‐á shéanadh, chum nach n‐éireochaidh sibh lag, claoidhte ’n‐bhur n‐anmannaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Oír smuáinigh ribh féin ar an tí úd do fhulaing a shamhuil sin do chaint do churn a aguidh féin ó pheacachuibh, deagla dhul a dtuirse agus a nanbhfainne dhibh ann bhur ninntinnibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Déanaigí machnamh, mar sin, ar an té a chuir suas leis na peacaigh a bhí ag cur chomh mór sin ina aghaidh ionas nach dtiocfaidh tuirse ná lag-mhisneach oraibhse choíche.

Féach an chaibidil Cóip




Eabhraigh 12:3
46 Tagairtí Cros  

Má chailleann tú do mhisneach, ní bheidh ach laige i do neart i lá na hanachana.


Thug an Tiarna Dia dom teanga an aos léinn. Chun go mbeinn i riocht fóirithint ar an té atá traochta spreagann sé briathar ionam. Maidin in aghaidh na maidine cuireann sé cluas orm chun go n‑éiste mé ar nós an aos léinn.


Tháinig Mac an Duine agus bíonn sé ag ithe agus ag ól, agus deir siad: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’ Agus fuair an eagna a ceart as a hoibreacha féin.”


Ach nuair a chuala na Fairisínigh é sin, dúirt siad: “Ní chaitheann an duine seo na deamhain amach ach trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan.”


“Cén fáth a sáraíonn do dheisceabail traidisiún na sinsear? Ní dhéanann siad a lámha a ní nuair a bhíonn siad ag caitheamh a gcoda.”


Bhí sé tar éis teacht isteach sa Teampall agus bhí sé ag teagasc nuair a tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus dúirt siad: “Cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé thug an t‑údarás sin duit?”


agus cé gurbh fhonn leo é a ghabháil, bhí eagla orthu roimh na sluaite, mar bhí meas fáidh acu sin air.


D'imigh na Fairisínigh ansin ag déanamh comhairle le chéile chun go mbéarfaidís i ngaiste air sa chaint,


Nuair a chuaigh sé ag caitheamh a choda lá sabóide i dteach dhuine de chinn urra na bhFairísineach, iad seo a bhí ann, bhí siad ag faire go géar air.


Agus bhí na Fairisínigh agus na scríobhaithe ag monabhar: “Glacann an duine seo peacaigh chuige,” deiridís, “agus itheann sé ina gcuibhreann.”


Bhí na Fairisínigh, a thug grá don airgead, ag éisteacht leis an méid sin uile agus bhí siad ag dranngháire faoi.


Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar -


Agus thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag smaoineamh: “Cé hé seo a labhraíonn diamhaslaí? Cé a fhéadann peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?”


Dúirt a lán acu: “Tá deamhan ann agus tá sé as a mheabhair. Cad a ba áil libh a bheith ag éisteacht leis?”


Le linn na cainte sin dó, duine de na póilíní a bhí ina sheasamh láimh leis, bhuail sé buille boise ar Íosa á rá: “An mar sin a fhreagraíonn tú an t‑ardsagart?”


Is dá bharrsan a bhí na Giúdaigh ag géarleanúint ar Íosa mar go ndearna sé na nithe seo ar an tsabóid.


“Cá bhfuil sé siúd?” agus bhí monabhar mór i measc na sluaite mar gheall air. Bhí cuid acu á rá: “Duine maith é”; tuilleadh acu á rá: “Ní hea, ach ag mealladh an phobail atá sé.”


Dúirt na Fairisínigh leis ansin: “Tá tú ag tabhairt fianaise i do thaobh féin; níl d'fhianaise iontaofa.”


Dúirt na Giúdaigh leis: “Tá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Abrahám marbh agus na fáithe agus deir tusa: ‘Má choinníonn aon duine mo bhriatharsa, ní bhlaisfidh sé bás choíche.’


Mar sin, thóg siad suas clocha le caitheamh leis, ach d'fholaigh Íosa é féin agus d'imigh amach as an Teampall.


Chuala cuid de na Fairisínigh a bhí ina fhochair na focail sin agus dúirt siad leis: “Ní amhlaidh, ar ndóigh, atáimidne dall chomh maith?”


Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine, bígí daingean dobhogtha dícheallach i mbun ghnó an Tiarna agus a fhios agaibh nach bhfuil bhur saothar in aisce, sa Tiarna.


Ós le trócaire a leagadh an cúram seo orainn, ní loicimid choíche.


Sin é an fáth nach loicimid choíche. Más ea féin go bhfuilimid ag meathlú ar an taobh amuigh, tá an taobh istigh á athnuachan ó lá go lá.


Ná bímis cortha choíche den mhaith a dhéanamh; má leanaimid de gan staonadh bainfimid an fómhar in am is i dtráth.


agus abradh sé leo: ‘Tugaigí cluas dom a Iosrael! Óir tá sibh ar tí cath a chur ar bhur naimhde inniu; bíodh misneach agaibh; ná bíodh scéin ná sceimhle ná scanradh oraibh ag tabhairt fúthu.


I dtaca libhse de, áfach, a bhráithre, ná héirígí cortha go deo den mhaith a dhéanamh.


Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d'fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé.


Agus tá dearmad déanta agaibh ar na briathra spreagúla a labhraítear libh mar chlann mhac Dé: “A mhic liom, ná déan neamhní den smacht a chuireann Dia ort, ná bíodh lagmhisneach ort nuair a cheartaíonn sé thú.


Ar an ábhar sin, a bhráithre naofa, atá pairteach i ngairm neamhaí, breathnaígí ar Íosa, aspal agus ardsagart ár gcreidimh.


Nuair a caitheadh achasán leis níor chaith sé achasán ar ais; nuair a bhí sé ag fulaingt ní dhearna sé bagairt, ach d'fhág sé a chúis faoin té a thugann breith go cóir.


Is eol dom go bhfuil foighne agat, gur fhulaing tú ar son m'ainm gan traochadh.


Tugaigí urraim don Tiarna agus déanaigí seirbhís dó go dílis ó chroí go hiomlán, mar cuimhnigí ar na héachtaí a rinne sé in bhur measc.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí