Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 22:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 agus chuir siad a ndeisceabail féin chuige mar aon leis na Héaródaigh chun a rá leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú agus go múineann tú slí Dé san fhírinne gan beann agat ar dhuine ar bith, agus gan féachain do phearsa seachas a chéile.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Agus chuir siad a ndeisceabail chuige i gcuideachta lucht leanúna Iorua, á rá, “A Oide, is feasach dúinn go mbíonn tú fírinneach, agus go múineann tú slí Dé go fírinneach, agus nach mbíonn aird agat ar aon duine; mar is cuma leat faoin gcéim a bhíos ag duine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Agus chuir siad a ndeisciobail féin mar aon le lucht leanamhna Ioruaidh, ag rádh: A mháighistir, is eol dúinn gur cainnteoir fíor thú, agus go dteagascann tú slighe Dé go fírinneach, agus nach bhfuil beann agat ar dhuine ar bith: óir ní dhearcann tú ar phearsain daoine.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus do chuireadar chuige a ndeisceabail i n‐éinfheacht le muinntir Ioruaith, g‐á rádh, A mháigistir, atá a fhios againn gur duine fírinneach thú, agus go múineann tú slighe Dé i bhfírinne, agus nach bhfuil beann agat ar aon duine: óir is cuma leat pearsa an duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Ar a nadhbharsin cuirid síad a ndeisciobuil féin chuige maille ré muinntir Iorúaith, ag rádh, A mhaighisdir, a tá a fhios aguinn gur ab duine fírinneach thusa, agus go dteagasgann tú slíghe De go fírinneach, agus nach bhfuil cás agad a náonnduine: óir ní fhéachann tú do phearsain na ndáoine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus chuireadar chuige deisgiobuil leó féin i n-aonfheacht le muintir Héróid, chun a rádh leis: A Mháighistir, is eól dúinn gur duine fírinneach tu, agus go múineann tú slígh Dé sa bhfírinne, agus ná fuil beann agat ar aoinne; óir ní fhéachann tú chun pearsan aon duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 agus chuir siad a ndeisceabail féin chuige mar aon leis na Héaródaigh chun a rá leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú agus go múineann tú slí Dé sa bhfírinne gan beann agat ar dhuine ar bith, agus gan féachaint do phearsa seachas a chéile.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 22:16
36 Tagairtí Cros  

Ach d'fhreagair Míocáia: “Dar an Tiarna beo, cibé a déarfaidh an Tiarna, sin é an briathar a labhróidh mé.”


Fóir orm, a Thiarna, óir níl fíréan le fáil, tá an fhírinne ar iarraidh i measc na hÁdhamhchlainne.


Treoraigh mé a Thiarna, i d'fhíréantacht mar gheall ar mo naimhde; réitigh do shlí romham.


Síneann gach aon neach a lámh in aghaidh a chairde; briseann sé a chonradh.


An té a thugann bladar dá chomharsa, leathann sé líon faoina chosa.


Bhíodh fíortheagasc ina bhéal aige agus ní fhaightí bréag ar a bheola; shiúladh sé i mo chuideachta go hionraic cóir agus d'iompaíodh sé mórán daoine ón olc.


Mar sin de, déanaimse, ar mo shealsa, ceap tarcaisne agus drochmheasa díbhse i lathair an phobail uile, sa mhéid nár lean sibh mo bhealaí, agus go ndearna sibh leatrom in bhur mbreithiúnais.”


“A Mháistir,” ar siad, “dúirt Maois: ‘Má fhaigheann duine bás gan chlann, pósadh a dheartháir an bhaintreach, chun sliocht a thógáil dá dheartháir.’


An dara duine mar an gcéanna agus an tríú duine, go dtí an seachtar,


“Téigí isteach sa chathair,” ar seisean, “go dtí an duine seo áirithe agus abraigí leis: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: tá m'uain in achmaireacht: is i do theachsa atáim chun an Cháisc a dhéanamh in éineacht le mo dheisceabail.’ ”


Rinne sé anonn ar Íosa díreach gan stad, agus “Sé do bheatha, a Raibí!” ar seisean, agus phóg sé é.


Agus ag cur chun bóthair dó rith duine chuige agus chaith sé é féin ar a ghlúine ina láthair agus d'fhiafraigh sé de: “A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”


Agus chuir siad chuige cuid de na Fairisínigh agus de na Héaródaigh chun breith air ina chaint.


Tháinig siad chuige agus dúirt siad leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach tú, gan beann agat ar dhuine ar bith; óir ní fhéachann tú do phearsa seachas a chéile ach slí Dé a mhúineadh de réir na fírinne. An dleathach cáin a íoc le Céasar nó an mídhleathach? An dtabharfaimid í nó nach dtabharfaimid?”


Ghabh na Fairisínigh amach, agus rinne siad comhairle láithreach leis na Héaródaigh ina aghaidh conas a mhillfidís é.


Agus thug sé foláireamh dóibh a rá: “Bígí aireach agus seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus ar ghabháil Héaróid.”


Chuir siad ceist air: “A Mháistir,” ar siad, “tá a fhios againn go labhraíonn tú agus go múineann tú an ceart, agus gur cuma leat duine seachas a chéile, ach tú ag múineadh slí Dé de réir na fírinne.


Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “A Shíomóin, tá rud agam le rá leat.” “A Mháistir,” ar seisean, “abair.”


Dúirt Íosa leis: “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.


Dúirt Pioláit leis: “Ach is rí thú ámh?” D'fhreagair Íosa: “De réir mar a deir tú, is rí mé. Chuige seo a rugadh mé agus chuige seo a tháinig mé ar an saol - chun fianaise a thabhairt ar an bhfírinne. Gach aon duine gur den fhírinne é, éisteann sé le mo ghlór.”


An té a labhraíonn uaidh féin, bíonn a ghlóir féin á lorg aige. An té a lorgann glóir an té a chuir uaidh é, tá sé fírinneach agus níl aon éagóir ann.


Táimidne, mar ní ag mangaireacht bhriathar Dé a bhímidne dála a lán eile ach á fhógairt go dílis i gCríost i bhfianaise Dé, mar theachtaireacht ó Dhia.


Tá diúltaithe againn, áfach, do na nithe táire úd a dhéantar faoi choim. Ní ag cealgaireacht a thugaimidne ár saol ná ag camadh briathar Dé ach ag iarraidh dul i bhfeidhm ar gach coinsias daonna trí léirnochtadh na fírinne i bhfianaise Dé.


As seo amach dá bhrí sin ní dhéanaimid neach ar bith a mheas do réir caighdeáin shaolta. Más ea féin go ndearnamar Críost a mheas de réir an chaighdeáin sin tráth, ní dhéanaimid amhlaidh a thuilleadh.


Cé atáim ag iarraidh a mhealladh chugam anois, daoine nó Dia? An daoine a shásamh is mian liom? Dá mba daoine a bhí mé ag iarraidh a shásamh, ní i mo sclábha ag Críost a bheinn.


Ach i dtaca leis na daoine measúla orthu - is cuma liomsa a chéimiúla a bhí siad mar ní fhéachann Dia ar phearsa seachas a chéile - ach níor chuir na cinn urra seo aon dualgas breise ormsa,


Dúirt sé faoina athair agus faoina mháthair: “Ní fhaca mé iad.” Ní aithnid dó a bhráithre, ná níl aithne aige ar a chlann. Sea, chomhlíonadar do bhriathar, agus choimeádadar do chonradh go daingean.


ach de bhrí gurbh fhiú le Dia sinn a dhea-scéal a chur inár gcúram, craolaimid é dá réir, ní d'fhonn daoine a shásamh ach d'fhonn Dia a shásamh, mar is eisean a phromhann ár n‑intinn.


Ach an eagna ó lastuas tá sí ar dtús íon, ansin síochánta, cineálta, sochomhairlithe, lán de thrócaire agus de dhea-thorthaí, gan leathchuma, gan cur i gcéill.


Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n‑aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí