Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 22:16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus chuireadar chuige deisgiobuil leó féin i n-aonfheacht le muintir Héróid, chun a rádh leis: A Mháighistir, is eól dúinn gur duine fírinneach tu, agus go múineann tú slígh Dé sa bhfírinne, agus ná fuil beann agat ar aoinne; óir ní fhéachann tú chun pearsan aon duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Agus chuir siad a ndeisceabail chuige i gcuideachta lucht leanúna Iorua, á rá, “A Oide, is feasach dúinn go mbíonn tú fírinneach, agus go múineann tú slí Dé go fírinneach, agus nach mbíonn aird agat ar aon duine; mar is cuma leat faoin gcéim a bhíos ag duine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Agus chuir siad a ndeisciobail féin mar aon le lucht leanamhna Ioruaidh, ag rádh: A mháighistir, is eol dúinn gur cainnteoir fíor thú, agus go dteagascann tú slighe Dé go fírinneach, agus nach bhfuil beann agat ar dhuine ar bith: óir ní dhearcann tú ar phearsain daoine.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus do chuireadar chuige a ndeisceabail i n‐éinfheacht le muinntir Ioruaith, g‐á rádh, A mháigistir, atá a fhios againn gur duine fírinneach thú, agus go múineann tú slighe Dé i bhfírinne, agus nach bhfuil beann agat ar aon duine: óir is cuma leat pearsa an duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Ar a nadhbharsin cuirid síad a ndeisciobuil féin chuige maille ré muinntir Iorúaith, ag rádh, A mhaighisdir, a tá a fhios aguinn gur ab duine fírinneach thusa, agus go dteagasgann tú slíghe De go fírinneach, agus nach bhfuil cás agad a náonnduine: óir ní fhéachann tú do phearsain na ndáoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 agus chuir siad a ndeisceabail féin chuige mar aon leis na Héaródaigh chun a rá leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú agus go múineann tú slí Dé sa bhfírinne gan beann agat ar dhuine ar bith, agus gan féachaint do phearsa seachas a chéile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 agus chuir siad a ndeisceabail féin chuige mar aon leis na Héaródaigh chun a rá leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú agus go múineann tú slí Dé san fhírinne gan beann agat ar dhuine ar bith, agus gan féachain do phearsa seachas a chéile.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 22:16
36 Tagairtí Cros  

A Mháighistir, dubhairt Maois, Má gheibheann duine bás gan sliocht, pósadh a dhritháir a bhean, ionus go dtógfadh sé sliocht d’á dhritháir.


Mar an gcéadna an tarna duine acu, agus an trímhadh duine, gur ráinig an seachtmhadh duine.


Agus dubhairt Íosa: Téighidh as chathair chun duine áirithe, agus abraidh leis: Deir an Máighistir: Tá m’aimsir i ngoireacht dom; déanfad féin agus mo dheisgiobuil an Cháisg agat-sa.


Agus láithreach tháinig sé chun Íosa, agus dubhairt: Go mbeannuighthear duit a Mháighistir. Agus thug sé póg dó.


Agus chuaidh sé amach ar an mbóthar, agus do rith duine chuige agus chaith sé é féin ar a ghlúinibh ’n-a láthair, agus d’fhiafraigh sé dhe: A Mháighistir mhaith, cad a dhéanfad ionus go mbeadh an bheatha shíoruidhe agam?


Agus chuireadar chuige cuid de sna Fairisínigh agus de mhuintir Héróid chun buntáiste bhreith air ’n-a chaint.


Agus thánadar chuige agus dubhradar leis: A Mháighistir, is eól dúinn gur duine fírinneach tu, agus ná fuil beann agat ar aoinne; mar ní féachann tú chun gnúise aon duine, ach slígh Dé do múineadh do reir fírinne. An dleaghthach cíos a dhíol le Caesar nó gan a dhíol? An dtabharfam é nó an gcoimeádfam é?


Agus d’imthigh na Fairisínigh amach láithreach agus chuadar féin agus muintir Héróid i gcómhairle ’n-a choinnibh féachaint conus a thiocfadh leó é mhilleadh.


Agus thug sé foláramh dóibh agus dubhairt: Féachaidh, agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus giost Héróid.


Agus chuireadar cheist chuige agus dubhradar: A Máighistir, is eól dúinn go labhrann tú agus go muíneann tú do réir na fírinne, agus ná fuil beann agat ar phearsain, ach an tslígh chun Dé do mhúineadh go fíos;


Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leis: A Shímóin, tá nídh agam le rádh leat. Agus dubhairt seisean: Abair é, a Mháighistir.


Dubhairt Íosa leis: Is mise an tslígh, agus an fhírinne, agus an bheatha; ní thagann aoinne chun an Athar ach tríom-sa.


Ansan dubhairt Pílát: An rí thu, mar sin? D’fhreagair Íosa: Mar adeirir, is rí mé. Is chuige do rugadh mise, agus is chuige do thánagh ar an saoghal, chun go ndéanfainn fiadhnaise do’n bhfírinne. Gach n-aon a bhaineann leis an bhfírinne, éisteann sé le m’ ghlór-sa.


An t-é a labhrann uaidh féin, a ghlóire féin a loirgeann sé; ach an t-é a loirgeann glóire an t-é a chuir uaidh é, tá sé sin fírinneach agus ní’l éagcóir ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí