Fuair Ráchael bás mar sin agus adhlacadh í ar an mbealach go hEafrát, is é sin Beithil.
Matha 2:5 - An Bíobla Naofa 1981 D'inis siad dó: “I mBeithil Iúdáia: óir sin é atá sa scríbhinn ón bhfáidh: An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba é rud a dʼinis siad dó, “I mBétlehem Iúdaea; mar is mar seo atá scríofa ag an bhfáidh: Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt siad-san leis: I mBeithil Iúda, óir sin mar atá scríobhtha ag an fháidh: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhradar‐san leis, I mBeithil Iúdaea, óir is mar sin atá scríobhtha ag an bhfáidh: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhradarsan rís, A Mbeitleem thíre Iúdaighe: óir is mar so atá sé sgriobhtha ag an bhfaigh, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhradar-san leis: I mBetlehem Iúda, óir sin mar atá sgríobhtha ag an bhfáidh: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼinis siad dó: “I mBeithil Iúdáia; óir sin é atá sa scríbhinn ón bhfáidh: |
Fuair Ráchael bás mar sin agus adhlacadh í ar an mbealach go hEafrát, is é sin Beithil.
Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim
Thionóil sé le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe an phobail, agus d'fhiafraigh díobh cén áit a raibh an Críost le saolú.
Nach ndeir an scrioptúr gur de shíol Dháiví, agus ó bhaile na Beithile, mar a raibh Dáiví, atá an Críost ag teacht?”
Mar aon leis sin bhí Catá, Nahalál, Simreon, Idealá agus Beithil - dhá chathair déag lena sráidbhailte.
Bhí ógánach as Beithil in Iúdá, de theaghlach Iúdá; Léivíteach a ba ea é, agus bhí sé ag cur faoi ansiúd mar dhuine deoranta.
Le linn na mBreithiúna a bheith i réim tharla gorta sa tír agus d'imigh fear áirithe as Beithil Iúdá a chónaí i dtír Mhóáb, é féin, a bhean agus a bheirt mhac.
Chuadar araon ar aghaidh nó gur thángadar go Beithil. Nuair a shroicheadar Beithil suaitheadh an chathair go léir dá mbarr. “An í seo Náoimí?” a deireadh na mná.
Seo Boaz ag teacht ó Bheithil agus bheannaigh do na buanaithe: “Go raibh an Tiarna libh,” ar sé. D'fhreagair siadsan: “Go mbeannaí an Tiarna thú féin.”
Dúirt a raibh ag an ngeata agus na seanóirí: “Is finnéithe sinn. Go ndéana an Tiarna an bhean atá ag teacht ar do theaghlach a thabhairt ar aon dul le Ráchael agus le Léá, an bheirt a thóg suas teaghlach Iosrael as láimh a chéile. Go raibh an rath ort in Eafrátá, agus cáil ort i mBeithil.
Dúirt an Tiarna le Samúéil: “Cá fhad a bheidh tú buartha mar gheall ar Shól ó dhiúltaigh mise dó feasta mar rí ar Iosrael? Líon d'adharc d'ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.”