Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Rut 1:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Chuadar araon ar aghaidh nó gur thángadar go Beithil. Nuair a shroicheadar Beithil suaitheadh an chathair go léir dá mbarr. “An í seo Náoimí?” a deireadh na mná.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 ¶ Marsin do imthigheadar araon nó go ttangadar go Betlehem. Agus tárla, a nuáir thangadar go Betlehem, gur buaidhreadh an chathair uile na ttimchioll, agus go nabraidís, An í so Naomi?

Féach an chaibidil Cóip




Rut 1:19
6 Tagairtí Cros  

Salmá athair Bhéitlihim, Háraef, athair Bhéit Gádaer.


An é sin bhur gcathair ghriothalánach, a bhfuil cáil uirthi ón seanam anall, a dtugadh a cosa ag taisteal i bhfad, chun cónaí a dhéanamh i gcéin?


Na daoine uile a ghluaiseann tharat, buaileann siad a mbosa i d'aghaidh; déanann siad faireach agus croitheann siad a gceann le hiníon Iarúsailéim: “An í seo an chathair ar glaodh uirthi: ‘Blas na hÁille’, ‘Ábhar Áthais an Domhain Mhóir’?”


Nuair a chuaigh sé isteach in Iarúsailéim, bhí an chathair go léir ar bís: “Cé hé seo?” deirtí.


Dúirt sí leo: “Ná bígí ag tabhairt Náoimí (.i. Suairc) orm, ach Márá (Searbh), óir is an-searbh a roinn an tUilechumhachtach liom.


D'fhreagair saoiste na meithle: “Sin í an cailín Móábach a tháinig ar ais le Náoimí ó thír Mhóáb,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí