Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Rut 1 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil I. Do cheangail Rut gu grádhach re na mathair-chleamhna.

1 Anois tárla annsna laéthibh a rabhadar na breítheamhuin na núachdaráin, go raibh gorta sa dúithche. Agus do chuáidh duine áirigh do Bhetlehem‐Iúdah do chomhnuidhe go tír Mhoab, é féin, agus a bhean, agus a dhías mac.

2 Agus do bé ainm an duine Elimelech, agus ainm a mhná Naomi, agus ainm a dheisi mac Mahlon agus Chilion, Ephratitigh ó Bhetlehem‐Iúdah. Agus tangadar a steach go dúthaigh Mhóab, agus dfanadar ansin.

3 Agus fúair Elimelech fear Naomi bás; agus do fágbhadh ise, agus a días mac.

4 Agus do ghabhadarsan mná chuca fein do mhnáibh Mhóab; Orpah dob ainm do mhnaói dhíobh, agus Rút ainm na mná oile: agus do chomhnuigheadar annsin timchioll dheich mblíadhan.

5 Agus fuáir mar an ccéadna, Mahlon agus Chilion bás aráon; agus do fágbhadh an bhean gan mhaca gan fhear.

6 ¶ Ann sin do éirigh sí maille re na bainchleamhnuibh, chor go bhfillcadh sí as tír Mhoab: óir do chúalaidh sí a ttír Mhoab mar do fhiosruigh an TIGHEARNA a phobal le tabhairt aráin dóibh.

7 Uimesin do chuáidh sí amach as a náit ann a raibh sí, agus a días baincleamhna le; agus do ghluáisiodar san tslíghe do dhul tar a nais go tír Iúdah.

8 Agus a dubhairt Naomi re na días bhainchleamhnuibh, Eirgidhe, filleadh gach aon aguibh go tigh a mathar: go ndéarna an TIGHEARNA go trócaireach ribh, mar do rinneabhairsi ris na marbhuibh, agus riomsa.

9 Go ttugaidh an TIGHEARNA dhaóibh suaímhneas, dá gach áon aguibh a ttigh a fir. Annsin do phóg sí íad; agus do thogbhadarsan súas a nguth, agus do ghuileadar.

10 Agus a dubhradar ría, Go deimhin fillfimne leachd a gcionn do dhaóine.

11 Agus a dubhairt Naomi, Fillidh arís a ingheana: cred fa rachaidh sibh liomsa? an bhfuilid fós mic am bhroinnse do bhíadh na bhfearuibh aguibh?

12 Fillidh arís, a mgheana, imthighidh romhuibh; óir atáimsi ro fhoirfe do bheith ag fear. Dá nabruinn, Atá dóthchus agum, da mbeith fear agum fós a nochd, agus fós go mbéaruinn mic;

13 An bhfanfadh sibhsi ríu nó go bhfasaidís? an bhfanfadh sibh ríu ó fhearuibh do bheith agaibh? ní headh, a inghéana; óir goillidh orum go mór ar bhur sonsa, go ndeachaidh lámh an TIGHEARNA amach am aghaidh.

14 Agus do thógbhadarsan a nguth ós áird, agus do ghuileadar a rís: agus do phóg Orpah a mathaircleamhain; achd do cheangail Rút ría.

15 Ar a nadhbharsin a dubhairt sisi, Féach, dfill do choimhchliamhuin ar a hais a ccionn a daoine, agus a gcionn a dée: fillsi a ndiaigh do choimhchleamhna.

16 Agus a dubhairt Rút, Ná bíarr orum thfágbháil, nó filleadh ó bheith ad leanmhuin: óir gidh bé áit a racha tú, racha mé ann; agus mar a ngeabha tú lóistín, is ann bhíadsa: is íad do dhaoine bhus daoine dhamhsa, agus do Dhía bhus Día dhamh:

17 Mar a bhfuighe tú bás, is ann éagfadsa, agus is annsin adhlaicthear mé: go ndeárna an TIGHEARNA marsin liomsa, agus fós ní is mó, má dhealuighionn éinní achd bás riot mé.

18 A nuair do chonnairc si go raibh sí comhdhaingion sin a ninntinn chum dul lé, annsin níor labhair sí ní is mó ría.

19 ¶ Marsin do imthigheadar araon nó go ttangadar go Betlehem. Agus tárla, a nuáir thangadar go Betlehem, gur buaidhreadh an chathair uile na ttimchioll, agus go nabraidís, An í so Naomi?

20 Agus a dubhairt sisi ríu, Ná goiridh Naomi dhíomsa, goiridh Mára dhíom: óir do roinn an Tuilechumhachdach go roshearbh rium.

21 Do chuáidh mé amach lán, agus thug an TIGHEARNA don bhaile mé a rís folumh: uime sin cred fa ngoirthí Naomi dhíom, ó rinne an TIGHEARNA fiaghnuise a maghaidh, agus gur smachduigh an Tuilechumhachdach mé?

22 Marsin do fhill Naomi, agus Rút an Móabiteach, a bainchliamhuin, maille ría, noch do fhill as tír Mhóab: agus tangadar go Betlehem a ttosach fhoghmhair na héorna.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí