Matha 2:10 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas an-mhór orthu. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a chonaic siad an réalta, bhí lúcháir agus lánáthas orthu; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Nuair a chonnaic siad an réalt, líonadh le h-áthas as cuimse iad. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Nuair do chonnacadar an réalta tháinig luthgháir mhór orta. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar bhfaicsin na réilte dhóibh, do ghabh gáird gáirdeachus romhór iád. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Nuair a chonacadar an réalt do tháinig árd-áthas ortha. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas an-mhór orthu. |
Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d'umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d'oscail siad a gcistí agus d'ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra.
Nuair a chuala siad caint an rí, d'imigh siad leo. Agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh.
Agus dúirt an t‑aingeal leo: “Ná bíodh eagla oraibh: óir féach, tá dea-scéala agam daoibh a chuirfidh áthas mór ar an bpobal uile:
Agus chuaigh na haoirí ar ais ag glóiriú agus ag moladh Dé faoinar chuala siad agus a bhfaca siad, de réir mar a bhí ráite leo.
Tugann sé arda na cruinne dó le marcaíocht tharstu, agus beathaíonn sé é le toradh na sléibhte; tugann sé mil ón gcarraig le deol dó, agus ola ón gcarraig scáil;