Nuair a bhí Abrám nócha naoi mbliana d'aois thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt leis: “Mise Dia na gCumhacht. Iompair thú féin gan locht i mo láthair-sé,
Matha 19:21 - An Bíobla Naofa 1981 “Más áil leat bheith foirfe,” arsa Íosa leis, “imigh leat, díol amach a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh: tar ansin agus lean mise.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dúirt Íosa leis, “Más mian leat bheith go foirfe, imigh, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é, agus beidh stór agat ar neamh, agus tar, agus lean mise.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Dubhairt Íosa leis: Má’s áil leat a bheith foirbhthe, imthigh, díol a bhfuil agat agus tabhair do na bochta é; agus béidh stór ar neamh agat: agus tar, lean mise. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Adubhairt Íosa leis, Má’s maith leat bheith gan locht, imthigh, díol a bhfuil agat, agus tabhair a luach do na bochtaibh, agus béidh maoin ar neamh agat: agus tar, lean mise. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A dubhairt Iósa ris, Mas áill leachd bheith diongmhala, imthigh reac a bhfuil agad, agus tabhair do na bochduibh é, agus do gheabha tu ionnmhas ar neamh, agus tarr, lean misi. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Dubhairt Íosa leis: Má’s maith leat bheith beacht, imthigh agus díol amach a bhfuil agat, agus tabhair dos na bochtaibh, agus beidh stór ar neamh agat; agus tar agus lean mise. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Más áil leat a bheith foirfe,” arsa Íosa leis, “imigh leat, díol amach a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar Neamh: tar ansin agus lean mise.” |
Nuair a bhí Abrám nócha naoi mbliana d'aois thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt leis: “Mise Dia na gCumhacht. Iompair thú féin gan locht i mo láthair-sé,
Dála Naoi anseo: Fear fíréanta a ba ea Naoi, fear gan locht i measc lucht a linne, agus shiúil sé fara Dia.
Bhí fear ann fadó i dtír Úz darbh ainm Iób. Duine ionraic fónta ab ea é; bhí eagla Dé air agus sheachain sé an t‑olc.
Féach an fíréan, tabhair do d'aire an duine ionraic, óir beidh sliocht ag fear na síochána;
Ansin dúirt Íosa lena dheisceabail: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé.
Dúirt an fear óg leis: “Choimeád mé iad sin uile: cad é an t‑easnamh atá fós orm?”
Nuair a chuala an fear óg an chaint sin, bhí buaireamh air agus d'imigh sé leis, mar bhí mórán de mhaoin an tsaoil aige.
Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, san athghiniúint, nuair a bheidh Mac an Duine ina shuí i ríchathaoir a ghlóire, beidh sibhse a bhí do mo leanúint in bhur suí freisin i dhá ríchathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael.
Labhair sé leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.”
Bhí Íosa ag imeacht leis ón áit sin, agus chonaic sé duine darbh ainm Matha ina shuí i dteach an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” D'éirigh seisean agus lean sé é.
Dhearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis: “Tá aon ní amháin in easnamh ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh; tar ansin agus lean mise.”
Agus ag dul thar bráid dó, chonaic sé Léiví mac Alfáias ina shuí in oifig an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” D'éirigh seisean agus lean sé é.
Ghlaoigh sé chuige an slua mar aon lena dheisceabail agus dúirt sé leo: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé.
Díolaigí a bhfuil agaibh agus déanaigí déirc; déanaigí daoibh féin sparáin nach gcaithfear le haois, stór do-ídithe sna flaithis mar nach dtagann an bithiúnach ina ghar agus nach mbíonn an leamhan á lot.
A dhála sin díreach, gach duine agaibhse nach dtréigeann a mhaoin uile ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.
Agus deirim féin libh, déanaigí cairde daoibh féin leis an airgead mímhacánta, ionas, nuair a chlisfidh sé, go nglacfaidh siad isteach sibh sna bothanna síoraí.
Ar chloisteáil sin d'Íosa, dúirt sé leis: “Tá aon ní amháin de dhíth ort go fóill: díol gach a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é agus beidh stór agat sna flaithis; tar ansin agus lean mise.”
Ina dhiaidh sin chuaigh sé amach agus thug faoi deara poibleacánach darb ainm Léiví, ina shuí i dteach an chustaim, agus dúirt leis: “Lean mise.”
Níl an deisceabal os cionn an mháistir; ach nuair a bhíonn deireadh foghlamtha aige beidh gach deisceabal mar atá a mháistir.
Dúirt sé le cách: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros gach lá, agus leanadh mé.
Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa, leanadh sé mé, agus an áit ina mbímse, is ann a bheidh mo fhriothálaí chomh maith. Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa, tabharfaidh m'Athair onóir dó.
dhíolaidís a gcuid sealúchais agus a gcuid maoine agus roinnidís a luach ar chách de réir mar a bhíodh aon duine acu ar an gcaolchuid.
Ghlac sibh trua do phríosúnaigh agus nuair a tógadh bhur maoin shaolta uaibh go héagórach chuir sibh suas leis go háthasach mar bhí a fhios agaibh go raibh maoin níos fearr agus níos buaine fós agaibh.