Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:40 - An Bíobla Naofa 1981

40 Níl an deisceabal os cionn an mháistir; ach nuair a bhíonn deireadh foghlamtha aige beidh gach deisceabal mar atá a mháistir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

40 Níl an foghlaimeoir os cionn a oide, ach an té a bhfuil an t‑iomlán foghlamtha aige bíonn sé ar aon dul lena oide.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

40 Ní fhuil an deisciobal ós cionn a mháighistir; acht béidh gach aoinneach sár-mhaith, má bhíonn sé mar a mháighistir.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

40 Ní fhuil an deisceabal os cionn a mháighistir: acht an té atá diongbhálta béidh sé mar a mháighistir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

40 Ní bhfuil an deisciobal ós cionn a mhaighisdir: achd gidh bé neach bhus diongmhála, bíaidh sé mar a mhaighisdir.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

40 Ní’l an deisgiobul os cionn a mháighistir; tá duine go sár-mhaith má tá sé mar atá a mháighistir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

40 Níl an deisceabal os cionn an mháistir; ach nuair a bhíonn deireadh foghlamtha aige beidh gach deisceabal mar atá a mháistir.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:40
5 Tagairtí Cros  

“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ngabhann sibh thar farraigí agus ar fud tíortha chun aon duine amháin a iompú chugaibh, agus ar iompú dó, go ndéanann sibh mac mallachta de níos measa faoi dhó ná sibh féin.


Cad chuige a bhfeiceann tú an cáithnín i súil do bhráthar agus nach n‑airíonn tú an tsail atá i do shúil féin?


Amen, Amen, a deirim libh, níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir, ná níl aspal níos mó ná an té a chuir uaidh é.


Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh: ‘Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir. Má rinne siad géarleanúint ormsa, déanfaidh siad géarleanúint oraibhse chomh maith. Má choinnigh siad mo bhriatharsa, coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí