Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 1:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Bhí fear ann fadó i dtír Úz darbh ainm Iób. Duine ionraic fónta ab ea é; bhí eagla Dé air agus sheachain sé an t‑olc.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Do bhí duine a bhfearann Hus, dar bhainm Iób; agus do bhí an fear sin iomlán agus díreach, agus neach air a raibh eagla Dé, agus do sheachuin olc.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 1:1
34 Tagairtí Cros  

Clann Arám: Úz agus Húl agus Geitir agus Mais.


Nuair a bhí Abrám nócha naoi mbliana d'aois thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt leis: “Mise Dia na gCumhacht. Iompair thú féin gan locht i mo láthair-sé,


Dúirt sé: “Ná leag lámh ar do mhac, agus ná déan aon dochar dó; óir tá a fhios agam anois go bhfuil eagla Dé ort, mar níor dhiúltaigh tú do mhac, d'aonmhac, dom.”


Seo iad clann Dhiseán: Úz agus Arán.


Ar an tríú lá dúirt Iósaef leo: “Déanaigí mar seo, agus ní baol daoibh an bás, mar is duine mé ar a bhfuil eagla Dé;


Dála Naoi anseo: Fear fíréanta a ba ea Naoi, fear gan locht i measc lucht a linne, agus shiúil sé fara Dia.


“Cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.” Agus ghoil Hiziciá go fuíoch.


Clann mhac Shéam: Éalám, Aisiúr, Arpaicsead, Lúd, Arám, Úz, Húl, Geitir, Meisic.


Clann mhac Éizir: Bileán, Záván, Ácan. Clann mhac Dhiseán: Úz agus Arán.


Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Ar thug tú mo sheirbhíseach Iób faoi deara? Níl a leithéid eile ar domhan; fear ionraic fónta is ea é, tá eagla Dé air agus seachnaíonn sé an t‑olc.”


Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Ar thug tú mo sheirbhíseach Iób faoi deara? Níl a leithéid eile ar domhan; fear ionraic fónta is ea é; tá eagla Dé air agus seachnaíonn sé an t‑olc. Cloíonn sé leis an bhfíréantacht i gcónaí; saothar in aisce agat ab ea mé a ghriogadh ina aghaidh lena scriosadh.”


Agus dúirt sé leis an duine: “Féach, eagla an Tiarna an eagna, Agus an t‑olc a sheachaint is ea an tuiscint.”


Nach bhfuil muinín agat as d'fhíréantacht Agus dóchas agat as do bheatha ionraic?


Mé a bheith neamhchiontach - ní bheadh a fhios sin agam. Chaithfinn uaim m'anam féin.


Ach togh as an bpobal i gcoitinne fir a bhfuil cumas iontu agus eagla Dé orthu, fir chreidiúnacha dhobhreabtha; agus ceap iad seo ina gceannairí ar an bpobal i bhfeighil mílte agus céadta agus leathchéadta agus deichniúr.


Bíonn fear na céille gaoismhear ach bíonn an t‑amadán gan smacht gan aire.


An té a shiúlann ar chosán na fíréantachta, bíonn eagla an Tiarna air; ach an té ar claon iad a bhealaí, is beag é a mheas air.


Casann ród an fhíréin i leataobh ón olc; an té a fhaireann cá bhfuil a thriall caomhnaíonn sé a bheo.


Déantar leorghníomh sa pheaca trí dhílseacht agus seasmhacht; seachnaíonn fear an t‑olc le heagla an Tiarna.


An fíréan a bhfuil a bhealaí gan cháim, is méanar dá chlann ina dhiaidh.


Ná bí féin a mheas go bhfuil tú eagnaí, ach bíodh eagla an Tiarna ort, agus tabhair cúl leis an olc.


Is liomsa dea-chomhairle agus ceartbhreithiúnas; is liomsa géire intleachta agus cumas.


Na heachtrannaigh uile lena gcois (ríthe uile thír Úz); ríthe uile thír na bhFilistíneach, Aiscileon, Gazá, Eacrón agus fuílleach Aisdeod,


Déan áthas agus gairdeas, a iníon Eadóm, tusa, a chónaíonn i dtír Úz; sínfear an cupán chugatsa chomh maith; beidh tú ar meisce agus caithfidh tú díot anuas.


dá mbeadh fiú an triúr seo ann, Naoi, Dainéil agus Iób, ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin - an Tiarna Dia a labhraíonn.


dá mbeadh fiú Naoi, Dainéil agus Iób ann, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin.


Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna.


Bíse dílis ar fad don Tiarna do Dhia.


Féach go bhfógraímid gurb aoibhinn dóibh siúd a sheas an fód. Chuala sibh faoi fhoighne Iób agus an chríoch a chur an Tiarna léi, mar go bhfuil sé lán de thaise agus de thrócaire.


Casadh sé ón olc agus déanadh an mhaith; lorgadh sé an tsíocháin agus téadh sé ar a tóir.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí