Ansin d'fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: “Craiceann ar chraiceann! Tabharfaidh duine uaidh a bhfuil aige ar son a anama.
Matha 16:26 - An Bíobla Naofa 1981 Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Mar cad é an tairbhe do dhuine, an domhan uile a ghnóthú agus a bheo féin a chailleadh leis? Nó cad í an iocaíocht a thabharfaidh duine uaidh lena bheo féin a fháil ar ais? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir cad é is feárrde duine, dá ngnóthuigheadh sé an domhan uilig, agus a anam féin a chailleamhaint? Nó cad é bhéarfas duine i n-éiric a anama? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir cad é a thairbhe do dhuine dá ngnóthuigheadh sé an domhan go h‐iomlán, agus a anam do chailleamhain? nó cad í an mhalairt dhéanfas duine ar a anam féin? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír créd é a tharbha do dhuine, da ngnodhuigheadh sé an domhan uile, agus a anam féin do leígean a mugha? No créd í an mhalairt do bheuradh duine ar son anma féin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Mar, cad é an tairbhe do dhuine an domhan go léir a bhuachtaint, má dheineann sé a anam féin a chailleamhaint? nó cad í an mhalairt a dhéanfaidh duine ar a anam féin? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a dʼfhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam? |
Ansin d'fhreagair an Sátan an Tiarna agus dúirt: “Craiceann ar chraiceann! Tabharfaidh duine uaidh a bhfuil aige ar son a anama.
Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é.
Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne.
Más siocair pheaca duit do shúil dheas, srac amach í agus caith uait í, óir is fearr duit ball de do chorp a chailleadh ná do chorp ar fad a chaitheamh isteach in ifreann.
Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun d'anam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’
Ach dúirt Abrahám: ‘Cuimhnigh, a mhic, go bhfuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna go bhfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean á shólású abhus, agus tusa do do chrá.
Óir cá fearrde do dhuine an domhan go léir a ghnóthú agus é féin a chailleadh agus a ligean ar ceal?