Ba ghlice an nathair nimhe ná aon ainmhí allta dá ndearna an Tiarna Dia agus dúirt sí leis an mbean: “An ndúirt Dia libh gan ithe de thoradh aon chrainn sa ghairdín?”
Matha 10:16 - An Bíobla Naofa 1981 “Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Seo mé do bhur gcur amach uaim mar chaoirigh i measc mac tíre; bígí mar sin chomh glic le nathracha nimhe agus chomh soineanta le coilm. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Féach, cuirim-se sibh mar chaoirigh imeasc mac tíre. Ar an adhbhar sin, bígidh glic mar na naithreacha nimhe, agus sodhanta mar na colmháin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Féachaidh, cuirim uaim amach sibh ar nós caorach i measc madadh allta: bidhidh, d’á bhrigh sin, chómh glic leis na nathrachaibh nimhe, agus chómh símplidhe leis na colmaibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Féuch, cuirimse sibhse mar cháorchaibh a measg mhadradh állta: ar anadhbharsin bídhidh glic mar na haithreacha neimhe, agus neamburchóideach mar na colama. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Féach, táim ag bhúr gcur amach ar nós caorach ameasg faolchon. Bídhidh, d’á bhrígh sin, chómh glic leis na h-aithreachaibh nimhe agus chómh símplídhe leis na colúraibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm. |
Ba ghlice an nathair nimhe ná aon ainmhí allta dá ndearna an Tiarna Dia agus dúirt sí leis an mbean: “An ndúirt Dia libh gan ithe de thoradh aon chrainn sa ghairdín?”
Agus dúirt an Tiarna Dia leis an mbean: “Cad é seo atá déanta agat?” D'fhreagair an bhean: “Mheall an nathair mé agus d'ith mé.”
Dúirt mé leis na huachtaráin, leis na feidhmeannaigh agus leis an gcuid eile den phobal: “Tá an obair mór agus í leata go fairsing agus táimid scartha i bhfad óna chéile ar na ballaí.
Ach dúirt Gadailiá mac Aichíceám le Ióchánán mac Cháiréach: “Ní dhéanfaidh tú a leithéid; óir is bréag a chuireann tú ar Ísmeáéil.”
Colm baoth gan chiall is ea Eafráim; bíonn siad ag glaoch ar an Éigipt, agus is ar an Asaír a bhíonn a dtriall.
Cé hé, más ea, an seirbhíseach iontaofa ciallmhar ar cheap a mháistir os cionn sclábhaí a theaghlaigh é chun a gcuid bia a thabhairt dóibh i dtráth?
D'fhreagair lucht na céille iad: ‘Le heagla,’ ar siad, ‘nach mbeadh ár ndóthain ann dúinn féin agus daoibhse, b'fhearr daoibhse dul go dtí lucht a díolta á ceannach daoibh féin.’
óir tabharfaidh mise urlabhra daoibh agus eagna nach bhféadfaidh bhur gcúisitheoirí uile cur ina haghaidh ná a bhréagnú.
“Tá a fhios agam nuair a bheidh mise imithe go dtiocfaidh in bhur measc faolchúnna craosacha nach mbeidh trua ná taise don tréad acu.
A bhráithre, ná bígí leanbaí in bhur meon; sea, bígí ar nós an linbh ó thaobh na hurchóide, ach bígí fásta suas ó thaobh an mheoin de.
Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n‑iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé.
Ach faoi mar a mheall an nathair nimhe Éabha lena chuid glicis tráth, is é eagla atá orm go gclaonfar bhur smaointe agus go dtréigfidh sibh bhur nglandílseacht do Chríost.
Táimid ar ár n‑aire, áfach, nach mbeidh gearán ag duine ar bith orainn faoin gciste fial seo atá faoinár gcúram.
Sin é an fáth, ón lá a chualamar an scéal, nár stadamar ach ag guí oraibh, á iarraidh go líonfaí sibh d'eolas ar a thoil le barr eagna agus tuisceana spioradálta,
Bígí críonna in bhur gcaidreamh leis na díchreidmhigh agus bainigí leas iomlán as an deis atá agaibh.
Tá a fhianaise oraibh féin agus ar Dhia go rabhamar ionraic macánta neamhurchóideach libhse, a bhfuil an creideamh agaibh.