Hóisé 7 - An Bíobla Naofa 19811 Cibé uair is mian liom Iosrael a leigheas, nochtar urchóid Eafráim agus olcas na Samáire. Óir is í an chaimiléireacht a chleachtann siad; bíonn an gadaí ag briseadh isteach sna tithe, agus ropairí ag tabhairt ruaigeanna creiche lasmuigh. 2 Ní mheabhraíonn siad dóibh féin go gcoinním cuimhne ar a n‑olcas uile; ach tá a n‑ainghníomhartha á gciorclú; ar m'aghaidh féin amach atá siad. Cealgaireacht na Rímharfóirí 3 Le teann mioscaise déanann siad sult don rí agus as corp camastaíola bíonn siad ag spraoi leis na flatha freisin. 4 Adhaltraigh iad uile, sorn lán tine, nach ngríosaíonn an báicéir a thuilleadh, ó fuintear an taos go dtí go n‑ardaíonn sé. 5 Ar bhreithlá ár rí buaileann breoiteacht na flatha le boirbe an fhíona agus craitheann seisean lámh le scigirí. 6 Nuair a bhíonn comhcheilg ar siúl acu, bíonn a gcroí cosúil le sorn; mar bíonn a gcuid feirge ag cnádú léi ar feadh na hoíche go léir, ach ar maidin bladhmann sí amach ina caoiríl thine. 7 Tá siad go léir ar lasadh amhail sorn; tá a rialtóirí á n‑ídiú acu agus a ríthe uile ar lár; agus níl duine díobh a ghlaonn ormsa. Drochpholaitíocht Iosrael 8 Tá Eafráim ag déanamh caidrimh leis na náisiúin; is cosúil le císte nár iompaíodh é. 9 Tá na heachtrannaigh ag ídiú a nirt agus ní bhraitheann sé dada! Is ag dul i léithe atá a chuid gruaige agus ní heol dó é! 10 Tá díomas Iosrael ag tabhairt fianaise ina aghaidh; agus ar a shon sin agus uile níl siad ag filleadh ar an Tiarna, a nDia, ná ní lorgann siad é. 11 Colm baoth gan chiall is ea Eafráim; bíonn siad ag glaoch ar an Éigipt, agus is ar an Asaír a bhíonn a dtriall. 12 Ach cibé áit a n‑eitleoidh siad, leathfaidh mé orthu mo líon, agus leagfaidh mé iad amhail éanlaith an aeir, agus smachtóidh mé iad de réir líon a n‑urchóidí. Míbhuíochas Iosrael 13 Mairg dóibh, mar tá siad ar teitheadh uaim! Léirscrios orthu, óir d'éirigh siad amach i m'aghaidh! - Níorbh fhearr liom rud ná iad a fhuascailt, ach siúd ag bréagadóireacht iad i m'aghaidh! 14 Ní éann siad ormsa óna gcroí amach, nuair a bhíonn siad ag liúireach ar a leapacha; gearrann siad iad féin ar son arbhair agus úrfhíona, ach bíonn siad easumhal domsa. 15 Neartaigh mise a ngéaga, ach is ag beartú oilc i mo choinne a bhíonn siad. 16 Téann siad i muinín [rud gan mhaith]; is cuma nó bogha scaoilte iad. Bás de rinn a gheobhaidh a bhflatha mar gheall ar shotal a gcuid cainte; agus beidh siad ina gceap magaidh i dtír na hÉigipte dá bharr. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart