Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hóisé 7:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Tá díomas Iosrael ag tabhairt fianaise ina aghaidh; agus ar a shon sin agus uile níl siad ag filleadh ar an Tiarna, a nDia, ná ní lorgann siad é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus fiadhnuighid úabhar Israel a cclár a éadain: agus ni fhillid chum an TIGHEARNA a Ndía, agus ní íarruid é thairis so uile.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 7:10
18 Tagairtí Cros  

Deireann an drochdhuine le díomas: “Ní dhéanfaidh sé díoltas.” Deir sé ina intinn: “Níl Dia ar bith ann!”


Breathnaíonn an Tiarna ó neamh ar chlann na ndaoine go bhfeice sé an bhfuil tuiscint ag aon duine nó an iarrfaidh sé Dia.


Deir an t‑amadán ina chroí: “Níl aon Dia ann.” Tá siad truaillithe; déanann siad gníomhartha gránna; níl aon duine maith ann.


Brúigh an t‑amadán sa mhoirtéar le tuairgnín, (fara grán meilte) ach ní scarfaidh a bhaois leis.


Ach níor fhill an pobal ar an té a bhí á bhualadh, níor lorg sé Tiarna na Slua;


mar sin tá an Tiarna i ndiaidh ceann agus eireaball a theascadh d'Iosrael, pailm agus giolcach in aon lá amháin.,


Sin é an fáth ar coinníodh siar na ceathanna, agus nach raibh fearthainn an earraigh ann. Agus choinnigh tú go dána ort d'aghaidh striapaí, b'fhada uait lasadh agus náire.


Fuascloidh mé ó chumhacht Sheól iad; Sábhálfaidh mé iad ón mBás. Cá bhfuil do ghathanna, a Bháis? Cá bhfuil do chealg, a Sheól? Ceilfear uirthi áfach an trua atá agam di.


Beidh díomas Iosrael mar fhinné ina coinne; bainfidh a cuid urchóide barrthuisle as Eafráim agus tuisleoidh Iúdá mar aon leo.


“Téanaigí, fillimis ar an Tiarna. Eisean a stróic sinn, eisean a leigheasfaidh sinn; Eisean a thug léasadh dúinn ach cneasóidh sé ár gcneácha.


Tá siad go léir ar lasadh amhail sorn; tá a rialtóirí á n‑ídiú acu agus a ríthe uile ar lár; agus níl duine díobh a ghlaonn ormsa.


(agus na daoine a iompaíonn ón Tiarna agus nach lorgann é agus ar beag orthu é).”


Ná bígí cosúil le bhur n‑aithreacha ar thug na fáithe tosaigh foláireamh dóibh, á rá: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: Filligí ó bhur ndrochbhealaí agus ó bhur ndrochghníomhartha. Ach níor éist siad liom ná níor thug siad aird ar bith orm, a deir an Tiarna.


Níl duine ann a bhfuil tuiscint aige ná duine a bhfuil lorg aige ar Dhia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí