Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hóisé 7:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Tá na heachtrannaigh ag ídiú a nirt agus ní bhraitheann sé dada! Is ag dul i léithe atá a chuid gruaige agus ní heol dó é!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Do shluigeadar coimhthighidh a neart, agus ní bhfuil a fhios aige: fós, atá grúag liath air ann so agus ann súd, gidheadh ní bhfuil a fhios aige.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 7:9
10 Tagairtí Cros  

Bhí Hazáéil rí Arám ag déanamh géarleanúna ar Iosrael i gcaitheamh ré Iahóácház ar fad.


rinne Púl rí na hAsaíre ionradh ar an tír; thug Manachaem míle tallann airgid do Phúl d'fhonn go gcabhródh sé leis ag neartú lena ghreim ar an údarás ríoga.


“Buaileadar mé, an ea?” déarfaidh tú, “ach níor gortaíodh mé; ar léasadar mé? ach ní bhraithim aon ní; cathain a dhúiseoidh mé...? Beidh deoch eile uaim.”


Tá bhur dtír ina fásach, tá bhur gcathracha loiscthe, bhur dtailte, tá siad á gcreachadh os comhair bhur súl ag strainséirí; díthreabh atá ann, mar a bhí nuair a scriosadh Sodom.


Níor chuala tú trácht riamh orthu, níorbh eol duit iad, ní raibh do chluas oscailte agam dóibh roimh ré. Óir bhí a fhios agam an feall atá ionat, agus clú na ceannairce a bheith ort ón mbroinn.


Téann an fíréan in éag agus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí é. Tógtar lucht na caoindúthrachta ar shiúl gan duine ar bith a thabhairt aird air.


Cheal eolais tá mo phobal á ndíothú. Ó chaith tusa uait an t‑eolas, caithfidh mise uaim thú as mo shagartacht; agus ó lig tusa teagasc do Dhé i ndíchuimhne, ligfidh mise do chlann i ndíchuimhne chomh maith.


Gaoth a síol, gála a bhfómhar! Ní rachaidh an geamhar i ndias dóibh, ná ní thabharfaidh sé plúr; agus má thugann féin is eachtrannaigh a íosfaidh é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí