Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Hóisé 7:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Le teann mioscaise déanann siad sult don rí agus as corp camastaíola bíonn siad ag spraoi leis na flatha freisin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Cuirid síad lúathghair air an rígh le na cciontaibh, agus air na prionnsadhuibh le na mbréuguibh.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 7:3
16 Tagairtí Cros  

An teachtaire a chuaigh ag triall ar Mhíocáia, dúirt sé leis: “Seo iad na fáithe go léir ag labhairt ar aon fhocal le dea-thuar don rí. Labhairse ar aon dul leo agus déan tairngreacht fhabhrach.”


Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. “Ar chóir dom dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” ar sé. “Téigh,” ar siad, “tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”


Cén áit anois a bhfuil do fháithe a thairngir duit á rá: ‘Ní thiocfaidh rí na Bablóine in bhur n‑aghaidhse, ná in aghaidh na tíre seo?’


tairngreann na fáithe go bréagach, teagascann na sagairt ar a gcomhairle féin. Agus is maith le mo phobal é. Ach i ndeireadh na cúise, céard a dhéanfaidh sibh?


go bhfágfaidh mé mo phobal, go n‑imeoidh mé i bhfad uathu! Óir is adhaltranaigh iad uile, agus buíon daoine fealltacha.


Shaothraigh sibh an t‑olc; ba í an chlaidhreacht bhur bhfómhar, agus d'ith sibh toradh an éithigh. Ó tá muinín agat as do chumhacht féin agus as oll-líon do laochra,


ach tá mallachtú agus éitheach agus feallbhású, agus goid agus adhaltranas á n‑iomadú féin sa tír, agus dúnmharuithe ag baint na sál dá chéile inti.


Déantar éagóir ar Eafráim, satlaítear ar an gceart, óir níor mhiste leis dul ar thóir na graostachta.


Ar bhreithlá ár rí buaileann breoiteacht na flatha le boirbe an fhíona agus craitheann seisean lámh le scigirí.


Choimeád tú reachtanna Omraí agus gnásanna uile theaghlach Acháb agus is í a gcomhairle siúd a lean tú. Dá dheasca sin déanfaidh mé fothrach díot agus beidh d'áitritheoirí ina gceap magaidh agus beidh orthu cur suas le maslaí na náisiún.


Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh; bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin. Mo chreach! Camann siad an dlí.


Agus cé gur maith is eol dóibh reacht Dé a deir go bhfuil an bás tuillte ag daoine a dhéanfadh a leithéidí sin, ní hé amháin go ndéanann siad féin iad ach fós molann siad le lucht a ndéanta.


Is den saol iadsan agus dá bhrí sin is ar chúrsaí saolta a thráchtann siad, agus éisteann an saol leo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí