Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 25:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 D'fhreagair lucht na céille iad: ‘Le heagla,’ ar siad, ‘nach mbeadh ár ndóthain ann dúinn féin agus daoibhse, b'fhearr daoibhse dul go dtí lucht a díolta á ceannach daoibh féin.’

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Ach dʼfhreagair na hógha céillí, ‘Bʼfhéidir nach mbeadh go leor ann dúinne agus daoibhse; is fearr daoibh dul chuig na ceannaithe agus a ceannach daoibh féin.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 D’fhreagair an chuid chríonna, agus dubhairt: Ar eagla nach mbéadh go leor ann dúinne agus díbh-se, b’fheárr díbh dul chuig na ceannaidhthe, agus ceannach díbh féin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Acht d’fhreagair an dream ciallmhar, agus adubhradar, Do b’fhéidir nach mbéadh ár ndóthain ann dúinne agus daoibh‐se: do b’fhearr daoibh dul chum na gceannaidhe, agus cuid do cheannach dhaoibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Achd do fhreagradar an chuid glic, ag rádin, Ar eagla nach mbiadh ar sáidh aguinn féin agus aguibhsi: imdhighsi ní as táosga chum na gceannuightheadh, agus ceannchuighe ola dhíbh féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 D’fhreagair an mhuintir chiallmhar agus dubhradar: Ar eagla ná beadh ár ndóithin ann dúinne agus daoíbh-se, is fearr sibh a dh’imtheacht chun na gceannaidhthe agus oíle cheannach daoibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Dʼfhreagair lucht na céille iad: ‘Le heagla,’ ar siad, ‘nach mbeadh ár ndóthain ann dúinn féin agus daoibh-se, bʼfhearr daoibh-se dul go dtí lucht a díolta dá ceannach daoibh féin.’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 25:9
12 Tagairtí Cros  

Dúirt an Tiarna liom: “Dá seasfadh Maois agus Samúéil i m'fhianaise ní fhéadfadh mo chroí téamh leis an bpobal seo! Díbir amach as mo radharc iad; imídís leo!


dá mbeadh fiú Naoi, Dainéil agus Iób ann, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin.


“Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.


Cúigear díobh seo, bhí siad gan tuiscint agus bhí an cúigear eile ciallmhar;


Ach dúirt na mná gan tuiscint leis na mná ciallmhara: ‘Tugaigí dúinn braon de bhur n‑olasa, mar tá ár lampaíne in éag.’


“Duine ar bith, mar sin, a chluineann na briathra seo a deirim agus a dhéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear ciallmhar a thóg teach do féin ar an gcarraig:


Iompaigh dá bhrí sin ón urchóid seo agat agus iarr ar an Tiarna go maithfí duit an smaoineamh seo a theacht i do chroí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí