Sa dara bliain de réimeas Pheacach mac Ramailiá rí Iosrael tháinig Iótám mac Uizíá i gcoróin ar Iúdá.
Matha 1:9 - An Bíobla Naofa 1981 ghin Ózáias Iótám; ghin Iótám Áchaz; ghin Áchaz Eizichias; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus ghin Usía Iótam, agus ghin Iótam Ahas, agus ghin Ahas Hesecía, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ghein Osías Ióatam. Agus ghein Ióatam Achas. Agus ghein Achas Esechías. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do ghein Ióram Ósias; agus do ghein Ósias Ióatam; agus do ghein Ióatam Achas; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do ghein Osías Ióatam; agus do ghein Ióatam Achas; agus do ghein Achas Esechias Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do ghein Ósias Ióatam. Agus do ghein Ióatam Achas. Agus do ghein Achas Esecias. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ghin Uizíá Iótám; ghin Iótám Ácház; ghin Ácház Hiziciá; |
Sa dara bliain de réimeas Pheacach mac Ramailiá rí Iosrael tháinig Iótám mac Uizíá i gcoróin ar Iúdá.
Ansin chuaigh Azairiá chun suain lena shinsir agus chuireadar é i nDúnfort Dháiví, agus tháinig a mhac Iótám i gcomharbacht air.
Bhí Uiziá rí ina lobhar go lá a bháis agus mhair sé i dteach leis féin gan cead isteach aige i dTeampall an Tiarna, de bharr a lobhra. Bhí a mhac Iótám i bhfeighil an rítheaghlaigh agus i gceannas ar phobal na tíre.
Bhí Iótám cúig bliana fichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé sé bliana déag i réim in Iarúsailéim. Iarúisiá iníon Zádóc ab ainm dá mháthair.