Tugaim buíochas duit de bharr iontas mo dhéantúis; de bhrí gurb éachtach iad d'oibreacha. B'eol duit go hiomlán m'anamsa;
Lúcás 9:43 - An Bíobla Naofa 1981 Agus ghabh iontas cách faoi mhórgacht Dé. Agus nuair ab ionadh le cách a raibh á dhéanamh aige, dúirt sé lena dheisceabail: An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bʼiontach leo uile é mórgacht Dé. Ach nuair a bhí siad ag déanamh iontais de gach aon ní dá ndearna sé, dúirt sé lena dheisceabail, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhagair Íosa ar an spiorad neamhghlan, agus leigheas sé an gasúr, agus thug sé thar ais dá athair é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do bhí uathbhás ar chách mar gheall ar mhór‐chumhacht Dé. Agus nuair do bhí gach uile dhuine ag déanamh ionganta de gach nidh do bhí d’á dhéanamh aige, adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd do ghabh úathbhás cách uile trí mhórchumhachd Dé. Agus ar mbeith ag déanamh iongantus doibh uile ann gach uile ní da ndearnuidh Iósa, a dubhairt sé ré na dheiscioblaibh, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do smachtuigh Íosa an deamhan truaillighthe, agus do leighis sé an buachaill, agus thug sé d’á athair é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus ghabh iontas cách faoi mhórgacht Dé. Agus nuair ab ionadh le cách a raibh dá dhéanamh aige, dúirt sé lena dheisceabail: |
Tugaim buíochas duit de bharr iontas mo dhéantúis; de bhrí gurb éachtach iad d'oibreacha. B'eol duit go hiomlán m'anamsa;
Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Más geall le míorúilt é seo le hiarmhar an phobail seo sna laethanta sin, an gá gurb ionadh liomsa é?” - a deir Tiarna na Slua.
Bhí siad i gcuideachta a chéile sa Ghailíl nuair a dúirt Íosa leo: “Titfidh sé amach go dtabharfar Mac an Duine ar láimh do dhaoine,
Agus tháinig a radharc dó láithreach, agus lean sé é ag glóiriú Dé. Ar a fheiceáil sin don phobal uile, thug siad moladh do Dhia.
Agus bhí alltacht ar chách agus bhí siad ag caint eatarthu féin a rá: “Cad é mar bhriathar é seo? Óir fógraíonn sé ar na spioraid mhíghlana le húdarás agus le cumhacht, agus gabhann siad amach.”
Agus ghabh uafás iad uile, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, agus líon siad d'uamhan agus deiridís: “Tá nithe iontacha feicthe againn inniu.”
Óir ghabh alltacht é féin agus a chompánaigh uile faoin ngabháil éisc a thóg siad
Agus dúirt sé leo: “Cá bhfuil bhur gcreideamh?” Ach bhí uamhan orthu agus rinne siad ionadh de, á rá eatarthu féin: “Cé hé an duine seo, más ea, a rá go bhfógraíonn sé ar na gaotha féin agus ar an uisce, agus go ndéanann siad rud air?”
Agus le linn dó bheith ag teacht chuige, theilg an deamhan ar lár é agus bhain rachtaí as go dolba. Ach bhagair Íosa ar an spiorad míghlan, agus leigheas sé an t‑ógánach agus thug ar ais dá athair é.
Ní ag aithris aon fhabhalscéalta a ceapadh go cliste a bhíomar nuair a thugamar eolas daoibh ar chumhacht, agus ar theacht ár dTiarna Íosa Críost, mar chonaiceamar a mhórgacht lenár súile cinn.