Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 18:43 - An Bíobla Naofa 1981

43 Agus tháinig a radharc dó láithreach, agus lean sé é ag glóiriú Dé. Ar a fheiceáil sin don phobal uile, thug siad moladh do Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

43 Agus fuair sé amharc na súl ar an nóiméad agus lean sé é, agus é ag tabhairt glóire do Dhia; agus nuair a chonaic siad sin, thug na daoine uile go léir moladh do Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

43 Agus bhí a radharc aige ar an bhomaite, agus lean sé é, ag tabhairt ghlóire do Dhia. Agus ar a fheiceáil sin do na daoine, thug siad go léir moladh do Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

43 Agus ar an láthair fuair sé a radharc, agus do lean sé é, agus é ag tabhairt glóire do Dhia: agus na daoine go léir, nuair do chonnacadar é, thugadar moladh do Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

43 Agus do fúair sé a radharc ar an mball, agus do lean sé eisean, ag tabhairt glóire do Dhiá: agus an tan do chunnairc an pobal uile so, tugadar moladh do Dhía.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

43 Agus fuair sé a radharc láithreach, agus do lean sé eisean ag moladh Dé; agus nuair a chonaic na daoíne go léir an nídh sin thugadar moladh do Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

43 Agus tháinig a radharc dó láithreach, agus lean sé é ag glóiriú Dé. Ar a fheiceáil sin don phobal uile, thug siad moladh do Dhia.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 18:43
30 Tagairtí Cros  

Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá; as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamhchlann.


Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá, as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamchlann,


Osclaíonn sé súile na ndall. 8b Tógann sé suas an dream atá crom. 8c Tugann an Tiarna grá don fhíréan;


Molfaidh mé thú, a Thiarna, de bhrí gur shaor tú mé agus nár lig tú do m'eascairde bheith ag maíomh orm le mórtas.


Déanfar a súile do na daill an uair sin agus réiteofar cluasa na mbodhar;


Ach treoróidh mé na daill ar an mbealach mór agus deánfaidh mé iad a chinnireacht ar bhóithre nach eol dóibh. Athróidh mé an dorchadas ina sholas rompu agus cosáin chama ina siúlóid réidh. Sin iad na gealltanais a chomhlíonfaidh mé, ní bheidh dul siar orthu.”


An pobal seo a dhealbhaigh mé dom féin, déanfaidh siad mo mholadh a aithris!


tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.


Tháinig daill chuige freisin agus bacaigh sa Teampall, agus leigheas sé iad.


Nuair a chonaic na sluaite é, tháinig uamhan orthu agus thug siad glóir do Dhia a thug a leithéid sin d'údarás do dhaoine.


Agus las a eascairde uile le náire nuair a dúirt sé an méid sin, agus bhí an slua go léir lán d'áthas faoina raibh á dhéanamh aige de bhearta oirirce.


Bhí sé faoin am seo ag teacht i ngar do chliathán Chnoc na nOlóg síos, nuair a thosaigh lánchuallacht na ndeisceabal, agus iad lán d'áthas, ag moladh Dé de ghlór ard mar gheall ar a raibh de mhíorúiltí feicthe acu,


Agus ina sheasamh dó os a cionn thug sé ordú géar don fhiabhras, agus d'fhág an fiabhras í; agus d'éirigh sí ar an mball agus thosaigh ag freastal orthu.


Agus ghabh uafás iad uile, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, agus líon siad d'uamhan agus deiridís: “Tá nithe iontacha feicthe againn inniu.”


Agus ghabh iontas cách faoi mhórgacht Dé. Agus nuair ab ionadh le cách a raibh á dhéanamh aige, dúirt sé lena dheisceabail:


Nuair a chuala siad an méid sin, d'éist siad agus thug glóir do Dhia á rá: “Thug Dia, más ea, aithrí chun na beatha do na Gintlithe chomh maith.”


chun a súile a oscailt le go n‑iompóidís ón dorchadas chun an tsolais agus ó chumhacht Shátain chun Dé, ar shlí go bhfaighidís maithiúnas óna bpeacaí agus ionad i measc an phobail naomhaithe, trína gcreideamh ionamsa.’ ”


Tar éis dóibh bagairt eile a dhéanamh orthu scaoil siad saor iad mar nach raibh aon dul acu ar iad a smachtú mar gheall ar an bpobal, de bhrí go raibh gach aon duine ag moladh Dé as an ní a bhí tite amach.


agus thugaidís glóir do Dhia mar gheall orm.


Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí