Chuir Íosác síol sa tír agus bhain sé fómhar faoi chéad an bhliain sin. Chuir an Tiarna a bheannacht airsean,
Lúcás 8:8 - An Bíobla Naofa 1981 Agus thit tuilleadh de ar an talamh maith, agus ar theacht aníos dó, thug toradh uaidh faoi chéad.” Á rá sin dó, ghlaoigh sé amach: “An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé!” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus thit cuid de in ithir mhaith gur tháinig fás faoi, agus gur thug sé a chéad oiread.” Agus nuair a bhí sin ráite aige dúirt sé in ard a chinn, “An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thuit tuilleadh de ar an talamh mhaith, agus ar fhás dó, thug sé toradh fá chéad. Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aighe, scairt sé go h-árd: An té a bhfuil cluasa le h-éisteacht air, éisteadh sé. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do thuit cuid eile ar an talamh maith, agus d’fhás sé, agus thug sé toradh uaidh, fá chéad. Nuair adubhairt sé an méid sin, do ghlaodh sé amach, An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do thuit cuid eile a dtalamh mhaith, agus an tan do fhás sé, tug sé toradh céadach úadh. Agus ar na rádh so dhó, do éigh sé, Gidh be agá bhfuilid clúasa chum éisdeachda, éisdeadh sé. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do thuit tuille de sa talamh fóghanta agus d’fhás sé, agus thug sé toradh fó chéad. Nuair a dubhairt sé an méid sin do labhair sé árd: An t-é go bhfuil cluasa le h-éisteacht air cloiseadh sé. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus thit tuilleadh de ar an talamh maith, agus ar theacht aníos dó, thug toradh uaidh faoi chéad.” Á rá sin dó, ghlaoigh sé amach: “An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé!” |
Chuir Íosác síol sa tír agus bhain sé fómhar faoi chéad an bhliain sin. Chuir an Tiarna a bheannacht airsean,
An tsúil a fheiceann agus an chluas a chluineann, is é an Tiarna a rinne iad araon.
Agus chuir an Tiarna chugaibh gan scor a sheirbhísigh uile na fáithe, ach níor éist sibh, ná níor thug sibh aird).
Ach an duine a ghlac an síol ar an talamh maith, sin é an duine a chluineann an briathar agus a thuigeann é; agus tugann sé sin toradh uaidh gan teip, faoi chéad nó faoi sheasca, nó faoi thríocha de réir mar a bhíonn.”
Agus iad seo a ghlac an síol ar an talamh maith, is iad seo na daoine a chluineann an briathar agus a ghabhann chucu é, agus a thugann toradh uathu faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.”
Ach thit gráinní eile ar an talamh maith agus thug toradh uathu ag fás suas agus ag méadú, agus bhí barr air faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.”
Níl sé oiriúnach don talamh ná don charn aoiligh: é chaitheamh amach a dhéantar. An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh!”
Ach é siúd sa talamh maith, sin iad na daoine, tar éis dóibh an briathar a chloisteáil le dea-chroí macánta, a choinníonn é agus a thugann toradh uathu trína mbuanseasamh.
Thit tuilleadh de i lár an deilgnigh, agus tháinig an deilgneach aníos in éineacht leis agus phlúch é.
Is dá dhéantús sinn mar gur cruthaíodh i gCríost Íosa sinn chun ár saol a thabhairt i mbun na ndea-oibreacha a bhí ullamh roimh ré dúinn ag Dia.
ionas go dtabharfadh sibh bhur saol mar is dual de réir an Tiarna agus go mbeadh sé lánsásta libh; go dtiocfadh forás ar bhur ndea-oibreacha agus méadú ar bhur n‑eolas ar Dhia;
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua, ní baol dó dochar ón dara bás.”
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé bia dó ó chrann na beatha atá i bparthas Dé.’ ”
An té a bhfuil cluas air le héisteacht, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.”
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí.”