Lúcás 14:35 - An Bíobla Naofa 198135 Níl sé oiriúnach don talamh ná don charn aoiligh: é chaitheamh amach a dhéantar. An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh!” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)35 Níl aon mhaith ann do thalamh ná don charn aoiligh; agus bíonn na daoine á chaitheamh uathu. An té a bhfuil cluas le héisteacht air, éisteadh sé.” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara35 Ní bhíonn maith ann do’n talamh, ná do’n charn aoiligh, acht caithfear amach é. An té a bhfuil cluasa chun éisteachta air, éisteadh sé. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)35 Ní fhóghnann sé do’n talamh ná do’n charn aoiligh: caithtear amach é. An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)35 Ní bhfuil féidim air chum na talmhon, ná chum a naóiligh; teilid daoine amach é. Gidh bé agá bhfuilid clusa chum éisdeachda, éisdeadh sé. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)35 Ní’l tairbhe ann do’n talamh ná chun aoiligh; caithtear amach é. An t-é go bhfuil cluasa air chun éisteachta cloiseadh sé. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201235 Níl sé oiriúnach don talamh ná don charn aoiligh: é a chaitheamh amach a dhéantar. An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh!” Féach an chaibidil |