D'fhreagair sé: “Imigh faoi shíocháin!” Ach nuair a bhí Námán imithe tamall beag,
Lúcás 8:48 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé léi: “A iníon, shlánaigh do chreideamh thú. Imigh faoi shíocháin.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt sé léi, “A iníon liom, leigheas do chreideamh thú; imigh leat faoi shíocháin.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt seisean: A inghean, rinne do chreideamh slán thú; imthigh fá shíothcháin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt seisean léi, A inghean, do shlánuigh do chreideamh thú; imthigh i síothcháin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seisean ría, Bíodh mainighin mhaith agad, a inghean: do shlánuigh do chreideamh thú; imthigh romhad a sióthcháin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt seisean léi: Do leighis do chreideamh thú, a ’nghean ó; imthigh leat i síothcháin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé léi: “A iníon, shlánaigh do chreideamh thú. Imigh faoi shíocháin.” |
D'fhreagair sé: “Imigh faoi shíocháin!” Ach nuair a bhí Námán imithe tamall beag,
D'imigh Maois agus ar ais leis go Iatró, athair a chéile, agus dúirt leis: “An bhfuil cead agam, le do thoil, filleadh ar mo mhuintir san Éigipt féachaint an beo dóibh i gcónaí?” Agus dúirt Iatró le Maois: “Imigh faoi shíocháin.”
Ní bhrisfidh sé an ghiolcach leonta ná ní mhúchfaidh sé buaiceas an deataigh, nó go mbéarfaidh sé an reacht chun bua.
Dúirt sé leis an taoiseach céad ansin: “Imigh leat; agus bíodh agat de réir mar a chreid tú.” Agus ar an nóiméad sin féin, leigheasadh an giolla.
Tugadh pairiliseach chuige ina luí ar leaba. Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: “Bíodh misneach agat, a mhic! tá do pheacaí maite.”
Chas Íosa timpeall agus chonaic í agus dúirt: “Bíodh misneach agat, a iníon: shlánaigh do chreideamh thú.” Agus bhí a sláinte aici ón nóiméad sin amach.
Dúirt sé léi: “A iníon, do chreideamh a shlánaigh thú. Imigh leat faoi shíocháin, agus bí slán ó do ghearán.”
Nuair a chonaic an bhean gur tugadh faoi deara í, tháinig sí go creathánach agus chaith í féin síos roimhe, agus d'inis i láthair chách an fáth ar bhain sí leis agus mar a leigheasadh í láithreach.
Bhí an fear seo ag éisteacht le Pól ag caint, agus nuair a d'fhéach Pól idir an dá shúil air chonaic sé go raibh creideamh a leighiste aige,
Beidh mé i m'athair agaibh agus beidh sibhse in bhur gclann mhac agus iníonacha agamsa, arsa an Tiarna uilechumhachtach.”
Óir fógraíodh an dea-scéal dúinn díreach mar a fógraíodh dóibhsean é. Ach níorbh aon tairbhe dóibh an teachtaireacht a chuala siad de bhrí nach raibh siad aontaithe tríd an gcreideamh leis na daoine a thug cluas di.
D'fhreagair Éilí ansin: “Imigh faoi shíocháin, agus go dtuga Dia Iosrael duit ar iarr tú air.”