Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eabhraigh 4:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Óir fógraíodh an dea-scéal dúinn díreach mar a fógraíodh dóibhsean é. Ach níorbh aon tairbhe dóibh an teachtaireacht a chuala siad de bhrí nach raibh siad aontaithe tríd an gcreideamh leis na daoine a thug cluas di.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Mar tháinig an dea-scéal chugainne mar a tháinig sé chucusan; ach ní dheachaigh an scéal a chuala siad ar sochar dóibh, ar an tsiocair nach raibh creideamh i lucht a éiste le cur leis.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Óir do craobhscaoileadh an soiscéal dúinne, mar craobhscaoileadh é dhóibh‐sean: acht níorbh aon tairbhe dhóibh an briathar do chualadar, toisc nach raibh creideamh ’n‐a bhun ag na daoinibh do chuala é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Oír do seanmóruigheadh an soisgéul dúinne, amhuil do rinne dhóibhsion mar an gcéudna: gidheadh ní dheachuidh an bhríathar do chúaladar a dtarbha dhóibh, do bhrígh nách raibh sí ar na cumusg ré creideamh sa druing do chúaluidh í.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Óir fógraíodh an dea-scéal dúinn díreach mar a fógraíodh dóibh-sean é. Ach níorbh aon tairbhe dóibh an teachtaireacht a chuala siad de bhrí nach raibh siad aontaithe tríd an gcreideamh leis na daoine a thug cluas di.

Féach an chaibidil Cóip




Eabhraigh 4:2
20 Tagairtí Cros  

Ach dúirt Pól agus Barnabas leo go neamhbhalbh: “Is daoibhse ab éigean briathar Dé a labhairt ar dtús; ach ós rud é go bhfuil sibh ag cur suas de agus gur dóigh libh féin nach fiú sibh an bheatha shíoraí a bheith agaibh, táimidne ag iompú chun na bpágánach.


Nuair a thóg Dia a sheirbhíseach is chugaibhse is túisce a chuir sé é chun go mbeannódh sé sibh trí gach duine agaibh a iompú óna chuid urchóide.”


Is tairbheach é an timpeallghearradh go deimhin má choimeádann tú an dlí, ach más duine thú a bhriseann an dlí is cuma do thimpeallghearradh a bheith ann nó as.


Má bhí féin cuid acu mídhílis, an gcuirfidh a mídhílseacht sin dílseacht Dé ar ceal?


Má roinnim amach mo mhaoin shaolta go léir, agus má thugaim suas mo chorp le dó ach gan aon ghrá a bheith agam, ní aon tairbhe dom é.


Tá aon cheist amháin agam oraibh: an de bharr an dlí a chomhlíonadh a fuair sibh an Spiorad, nó de chionn gur chreid sibh an teachtaireacht a chuala sibh?


Chonaic an scrioptúr roimh ré gur de bharr an chreidimh a fhíréanódh Dia na gintlithe agus réamhfhógair an dea-scéal sin d'Abrahám: “Beannófar ionatsa na náisiúin uile.”


Tá a fhios agaibh gurb easláinte choirp faoi deara dom an dea-scéal a fhógairt daoibh don chéad uair;


Ach dá ainneoin sin uile níl creideamh agaibh sa Tiarna, bhur nDia,


mar ní le briathra béil amháin a tháinig ár ndea-scéal chugaibh ach le cumhacht agus le lándeimhniú an Spioraid Naoimh. Agus tá a fhios agaibhse mar a thugamar ár saol, fad a bhíomar in bhur measc, ar mhaithe libh.


Agus tá cúis eile againn le bheith ag gabháil buíochais gan staonadh le Dia: de bhrí, nuair a ghlac sibh le briathar Dé a chuala sibh uainn, nach mar theachtaireacht dhaonna a ghlac sibh é ach mar bhriathar Dé, agus sin é go díreach an rud atá ann dáiríre, mar is é Dia atá ag obair ionaibhse a bhfuil an creideamh agaibh.


Is beag an tairbhe an aclaíocht choirp, ach is mór go deo an tairbhe an chráifeacht, mar go bhfuil tuar na beatha inti abhus agus thall.


Gan chreideamh ní féidir le duine a bheith taitneamhach leis mar an té atá ag teacht chun Dé ní mór dó a chreidiúint go bhfuil Dia ann agus go dtugann sé luach saothair dá mbíonn á lorg.


Féachaigí chuige, a bhráithre, nach mbeidh drochchroí chomh díchreidmheach sin ag aon duine agaibh agus go dtréigfidh sé an Dia beo choíche.


Mar sin de, is léir go rachaidh roinnt éigin daoine isteach ann. Ach de bhrí nach ndeachaigh na chéad daoine ar fograíodh an dea-scéal dóibh isteach ann de dheasca a gcuid easumhlaíochta,


Díbrígí uaibh dá bhrí sin gach uile chineál salachair agus borradh na drochbheartaíochta agus glacaigí go ceansa le briathar Dé a síoladh ionaibh, an briathar atá in ann bhur n‑anam a shlánú.


Foilsíodh dóibh nach dóibh féin a bhí siad ag fónamh ach daoibhse i gcás na nithe atá fógraithe daoibhse anois acu siúd a chraol an dea-scéal daoibh le cabhair an Spioraid Naoimh a seoladh ó neamh, nithe a mbíonn na haingil féin ag tnúth le sracfhéachaint a fháil orthu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí