D'éirigh Dáiví ón urlár, nigh agus d'ungaigh é féin, agus chuir malairt éadaigh air féin. Ansin chuaigh sé isteach i dteach an Tiarna agus rinne adhradh. Ar fhilleadh chun a thí dó, d'iarr sé bia, leagadh os a chomhair é agus chaith sé é.
Lúcás 7:46 - An Bíobla Naofa 1981 Níor ung tú mo cheann le hola; ach d'ung sí seo mo chosa le hola chumhra. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Níor chuir tú aon ola ar mo cheann á ungadh ach tá mo chosa ungtha aici seo le huinnimint. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Níor ung tusa mo cheann le h-ola; acht d’ung sise mo chosa le h-ungadh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Níor ongais‐se mo cheann le h‐ola: acht d’ong sise mo chosa le h‐uinneimeint. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Níor ong tú mo cheann lé hola: achd do ong an bhean so mo chosa ré huinnement. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Níor ongais-se mo cheann le h-ola, ach d’ong sí seo mo chosa le h-ola. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Níor ung tú mo cheann le hola; ach dʼung sí seo mo chosa le hola chumhra. |
D'éirigh Dáiví ón urlár, nigh agus d'ungaigh é féin, agus chuir malairt éadaigh air féin. Ansin chuaigh sé isteach i dteach an Tiarna agus rinne adhradh. Ar fhilleadh chun a thí dó, d'iarr sé bia, leagadh os a chomhair é agus chaith sé é.
Chuir Ióáb fios go Teacóá dá bhrí sin ar bhean chliste, agus dúirt sé léi: “Lig ort a bheith ag caoineadh; cuir éadach caointe ort; ná cuir ola ort féin; agus iompair thú féin mar bhean a bheadh ag caoineadh an mhairbh le fada an lá;
agus fíon a chuireann áthas ar an duine, d'fhonn aoibh a chur ar a aghaidh le hola, agus a chroí a neartú le harán.
Cóiríonn tú bord chun béile dom i láthair mo naimhde. Ungann tú mo cheann le hola; tá mo chupa ag cur thairis.
Caith éadach geal i gcónaí agus ná bíodh uinnimint de dhíth ar do cheann choíche.
a ólann fíon i gcoirn agus a ungann iad féin leis na holaí is tofa; ach gur cuma leo faoi thurnamh Iósaef.
Cuirfidh tú síol ach ní bhainfidh tú fómhar; satlóidh tú caora olóige ach ní ungfaidh tú thú féin leis an ola choíche; pasálfaidh tú caora fíniúna ach ní ólfaidh tú braon den fhíon.
Ach tusa, nuair a bhíonn tú ag déanamh troscaidh, cuir ola ar do cheann agus nigh d'aghaidh,
Sin é an fáth, deirim leat, a bhfuil a peacaí - a mórchuid peacaí - maite di; is léir sin ó mhéid a grá. Ach an té dá maítear an beagán, ní ghránn ach beagán.”
Déan thú féin a ní, dá bhrí sin, agus a ungadh, agus cuir do thogha éadaigh ort, agus síos leat chun an urláir; ach ná cuir thú féin in aithne dó, nó go mbeidh bia agus deoch caite aige.