Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 14:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Chuir Ióáb fios go Teacóá dá bhrí sin ar bhean chliste, agus dúirt sé léi: “Lig ort a bheith ag caoineadh; cuir éadach caointe ort; ná cuir ola ort féin; agus iompair thú féin mar bhean a bheadh ag caoineadh an mhairbh le fada an lá;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do chuir Ióab fios go Tecoah, agus thug as sin bean chríonna, agus a dubhairt ría, Guidhim thú, léig ort féin bheith ad chumhach, agus cuir ort a nois éadach cumha, agus ná cumuil ola dhíot féin, ach bí mar mhnáoi atá ré fada a geumhaidh ar son an mhairbh.

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 14:2
17 Tagairtí Cros  

Ansin d'éirigh sí, d'imigh léi, bhain di an fial, agus chuir a héide baintrí uimpi arís.


Nuair a chuala bean Úiríá go raibh Úiríá a fear tar éis bháis, chaoin sí a fear.


D'éirigh Dáiví ón urlár, nigh agus d'ungaigh é féin, agus chuir malairt éadaigh air féin. Ansin chuaigh sé isteach i dteach an Tiarna agus rinne adhradh. Ar fhilleadh chun a thí dó, d'iarr sé bia, leagadh os a chomhair é agus chaith sé é.


Ansin ghlaoigh bean chiallmhar ón gcathair á rá: “Éistigí, éistigí! Abraigí le Ióáb: ‘Tar i leith go labhróidh mé leat.’ ”


Heiliz ó Phalat. Íorá mac Icéis ó Theacóá.


Agus dúirt Iarobám lena bhean: “Téanam, le do thoil! Cuir bréagriocht ort féin ionas nach n‑aithneoidh aon duine gur tú bean Iarobám, agus téigh go Sileo. Tá an fáidh Aichíá ansiúd, an té a dúirt go mbeinnse i mo rí ar an bpobal seo.


Ach dúirt an Tiarna leis: “Tá bean Iarobám ar an tslí chugat ag lorg oracail ort i dtaobh a mic mar go bhfuil sé breoite. Déarfaidh tú a leithéid seo léi. Nuair a thiocfaidh sí ligfidh sí uirthi féin gur bean eile í.”


D'atóg sé Beithil agus Éatám agus Teacóá


D'éirigh siad go moch ar maidin agus d'imigh siad leo go fásach Theacóá. Ag cur chun bealaigh dóibh sheas Iahóiseáfát ansiúd agus dúirt: “Éistigí liom a fheara Iúdá, sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim! Bíodh muinín agaibh sa Tiarna bhur nDia agus ní baol daoibh. Bíodh muinín agaibh ina fháithe agus beidh an lá libh.”


Taobh leis-sean rinne muintir Theacóá deisiú ar stráice eile ar aghaidh an túir mhóir ghobaigh agus chomh fada le balla Oifil.


taobh leis-sean rinne muintir Theacóá deisiú cé gur dhiúltaigh a dtaoisigh a gceann a chromadh do chuing saothair a dtiarnaí.


agus fíon a chuireann áthas ar an duine, d'fhonn aoibh a chur ar a aghaidh le hola, agus a chroí a neartú le harán.


Caith éadach geal i gcónaí agus ná bíodh uinnimint de dhíth ar do cheann choíche.


Teithigí le bhur n‑anam a chlann Bhiniáimin as lár Iarúsailéim Séidigí an stoc i dTeacóa, ardaígí bratach i mBéit hac Ceirim! Óir tá tubaiste ag bagairt as an Tuaisceart, díobháil mhór.


Briathra Amós, aoire de chuid Theacóá. Fís a bhí aige faoi Iosrael i laethanta Uiziá, rí Iúdá, agus i laethanta Iarobám mac Ióáis, rí Iosrael, dhá bhliain roimh an gcrith talún.


Ach tusa, nuair a bhíonn tú ag déanamh troscaidh, cuir ola ar do cheann agus nigh d'aghaidh,


Déan thú féin a ní, dá bhrí sin, agus a ungadh, agus cuir do thogha éadaigh ort, agus síos leat chun an urláir; ach ná cuir thú féin in aithne dó, nó go mbeidh bia agus deoch caite aige.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí